Ghaeilgóirí an Mhí

December 31, 1998

Tá an réiguín ins an Ghaeltacht, Rath Cairn cáillithe do alán rudaí ach go háirithe an pheil, thar gach rud eile. Anois chuireann Padraig O'Baoighill a shúil thar iarrachtaí na fir ó Rath Cairn.

Ba i Aibreán na bliana 1935 a tháinig an chéad choilíneacht de mhuintir Chonamara go táilte méith na Mí. Ba ansin a tháinig Cól Nana Pháidín Mac Donnchadha as Doírin Darach agus Áine Ní Chonghaile as Ros Treabhar go Rath Cairn. Ba iadsan tuismitheoirí Phádraig Mhic Donnchadha abhí mar dhuine de bhunaitheoirí chlub An Ghaeltacht. Aon teaghlach déag a raibh minneach acu a tháinig aniar ar dtús. D'fhás sin go seacht dteaghlach agus fiche go gearr ina dhiaidh sin. Bhí an talamh bocht creagach thiar agus ag an am bhí Coimisiún na Talún ag roinnt amach gabhaltaisí i lár tíre. Bhí oibriú mór ag teacht ar chúrsaí Gaeltachta thiar agus i 1933 cuireadh Muintir na Gaeltachta ar bun agus daoine mar na scríbhneoirí, Máirtín Ó Cadhain, Criostóiir Mac Aonghusa agus an múnteoir scoile as an Tulaigh-Séan Ó Coisdealbha a tháinig ina dhiaidh sin go Contae na Mí go mór chun cinn. Ba ndiaidh toscaireacht ó Mhuintir Chonamara go dtí De Valera i mBaile Atha Cliath i 1934 a socraíodh na tailte i Rath Cairn a chur ar fáil daofa. Ina dhiaidh sin tháinig daoine ón Ghaeltacht go Baile Ghib áit a bhfuil cónaí ar cathaoirleach Coiste Co. na Mí CLG Fintan Ginnety, Gaeilgeoir a bhufil a shaol caite aige leis an cluichí gaelacha.

CLG An Ghaeltacht

Blianta deacaire go leor abhí acu ar dtús. Cé go raibh an talamh maith bhí an imirce dian ins na caogaidí agus ba mhór an t-iontas nach bhfuair an Ghaeltacht bheag seo stádas oifigiúil go dtí 1967. I 1975 cuireadh Chomharchumann Forbartha Rath Cairn ar bun a chuir spriollamh i bpobal abhí fann go leor go dtí sin. Mhéadaigh an pobal in imeacht na mblian agus i 1977 cuireadh CLG An Ghaeltacht ar bun agus Pádraig Mac Donnchadha mar chathaoirleach air, post a raibh sé ann ar feadh sé bliana déag. Ghlac siad páirt i gcomórtaisí éagsúla agus i 1978 cláraíodh go h-oifigiúil iad le Coiste Contae na Mí CLG. Ba Brian Mac Gabhann iar-imreoir contae abhí ina Chathaoirleach ag an am agus bhí fearadh na fáilte aige rompu.

Ba é an príomh aidhm abhí ag Pádraig Mac Donnchadha agus fir eile mar Mharcas Ó Curraoin, Tómas Mac an Rí, Briocán Ó Conghaile, Dónal Mac Donnchadha agus daoine eile club a bhunú a mbeadh an teanga ghaeilge mar theanga labhartha acu ag coimhlíonadh bun chuspóirí CLG.

Ní raibh páirc imeartha ar bith mar a ba cheart acu ar dtús ach mar a ba dual don Chomharchumann agus mar a rinne siad i ngnéithe eile d'fhorbairt na h-áite, chuir siad páirc ar fáill daofa. Tá an pháirc seo acu go fóill ar shocrú leis an Chomharchumann, seomraí gléasta agus eile críochnaithe ann ó 1993, rún an oscailt oifigiúil a bheith ann i 1999. Mar a bheitheá ag súil bhí mórán tacaíochta sa cheantar ag foireann na Gaillimhe imbliana. Ní bheadh iontas orm mar sin dá mba é Gaillimh agus An Mhí a bheadh ag imirt ag oscailt oifigiúil na páirce i 1999 - lá mór do Rath Cairn.

Ba mhór an chabhair do shaol sóisialta Rath Cairn bunú Club An Ghaeltacht agus ba éacht mhór an club sin a choinnéailt san iomaíocht i bpobal beag tuaithe mar seo le fiche bliain. Chomh maith tá foirne sinsireacha Ath Buí/Bhaile Máirtín, Dún Doire, Ath Troim agus Ceannanus Mór, sa chomharsanacht acu, rud a fhágann an ceantar le imreoirí a fháil ann teoranta go leor.

Comórtas Peile na Gaeltachta:

I 1983 bhuaigh An Gaeltacht Roinn 3, agus i 1988 bhuaigh siad Comórtas Peile na Gaeltachta, comórtas a bhfuil an-spéis ag an fhoireann ann achan bhliain. Deir Pádraig Mac Donnchadha go dtug an comórtas seo an deis d'imreoirí Rath Cairn eolas a chur ar na Gaeltachtaí eile agus ar imreoirí móra mar Mháirtín Mac Aoidh, Tír Chonaill, Séan Ó Drisceoil, Corcaigh, Liam Mac Pháidín, Mhaigh Eo agus Séan Óg de Paor Gaillimh. Chomh maith le traenáil go dian don chomórtas seo baineann siad spraoi as an turas achan blfiain go dtí na Gaeltachtaí éagsúla. Thaitin na turais seo go mór Pádraig é féin agus chuir sé an-spéis i gceantar Ros Goill i dTír Chonaill, an bhliain abhí an comórtas ins na cheantar álainn seo.

Ba i 1993 a thug Pádraig agus Coiste Chlub An Ghaeltacht an 25ú Comórtas Peile na Gaeltachta go Rath Cairn. Bhí eagrú mór le déanamh ar seo ach le cuidíu óna clubanna mórthimpeall d'éirigh go maith leo. B'iontach an deireadh seachtaine a bhí anseo agus daoine ó beagnach gach Gaeltacht sa tír eonaithe sa cheantar. Ba mhór an ceiliúradh a bhí i Rath Cairn nuair a bhuaigh An Ghaeltacht Craobh Sóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta. Fuair siad an bhua anseo ar Rinn ó gCuanach Portlárge 2-8 - 0-10 imreoirí mar Mhichéal Ó Cuilinn, Doimnic Ó Máirtín agus Seosamh Mac Donnchadha go mór chun cinn. Bhí an triúr seo ar chaighdéan imreoirí contae. D'imir Ó Máirtín agus Ó Cuilinn don chontae agus rinne Seán Ó Baoighealláin bainisteoir na Mí teangbháil le Seosamh Mac Donnchadha cúpla nair. Ba as Rath Cairn chomh maith Michéal Ó Méalóid a bhuaigh bonn Uile Éireann le Contae na Mí. Bhí Ó Méalóid ag imirt ag an am do Bhaile Mháirtín, an club a raibh an sárlaoch sin Pat Tuite ina bhun, beannacht Dé lena anam!.

An Óige:

Cé go bhfuil fás mór ar na scoileanna i Rath Cairn agus go bhfuil thar chéad dalta i mBun Scoil, Eoghain Uí Ghramhuaigh agus an méid céanna sa Choláiste Pobail, níl foireann mionúir nó faoi 16 acu. Ní cheadaíonn an Coiste Contae an dara foireann i bparóiste. Ath Buí is cosúil. Mar sin bíonn imreoirí óga Rath Cairn ag imirt le Dún Doire nó Ath Buí. Bíonn sé deacair acu áthrach ansin le dhul a imirt le foireann sóisir Rath Cairn. Tá foirne ag an Bhunscoil agus ag an Choláiste Pobail a chruthaigh go maith i gcomórtaisí scoile. Mar sin b'fheidir nach fada go mbeidh réiteach ar an scéal seo agus go mbeidh an deis ag An Ghaeltacht foirne na n-óg a chlarú go h-oifigiúil. Tá na cailíní ag imirt camógaíocht agus peil na mban ins na scoileanna.

Oifigeach na Gaeilge

Bhí Pádraig Mac Donnchadha dhá bhliain déag ina oifigeach Gaeilge ag Coiste Contae na Mí. Le linn an ama sin d'eagraigh sé scolaireachtaí gaeltachta agus an comórtas Scór sa chontae. Rinne sé a dhicheall ach ní raibh sé éasca na clubanna uilig sa chontae a fháil leis an teanga ghaeilge a chur chun einn.

Bhí baint ag Pádraig le mórán eagrais Gaeilge ina am agus rinne sé níos mó do fhorbairt Rath Cairn nó mar a rinne go leor polaiticeoir. Tá sé anois ina Chathaoirleach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ina bhainisteoir ar an Chomhar Chumann áitiúil. Is a dheartháir Séainín atá ina bhainsiteoir ar an tábhairne san Ionad Pobail - lár ionad cutúir agus ceoil an cheantair seo. Bhí Seáinín ag imirt den chlub do dtí le goirid mar abhí a dheartháireacha Máirtín agus Míchéal agus is taitneamhach cuairt a thabhairt air sa tábhairne le cúrsái peile na ama a chur faoi chaibidil.

Tá Pádraig Mac Donnchadha dóchasach as an chlub. Cé nach bhfuil mórchoirn buaite acu go fóill, beidh peileadóirí mar Dhoimnic Ó Máirtín, Seosamh Mac Donnchadha, Feargal Mac Donnchadha, Míchéal Ó Suilleabháin, Michéal ó Tiomáin agus Pádraig ó Flaithearta réidh le buille eile a bhualadh leis an chraobh sóisir a thabhairt go Rath Cairn i 1999. Gortaíodh Michéal Ó Tiomáin go dona i gcluiche in aghaidh. Enfield i 1992 nuair a bualadh buille féille air ag deireadh a chluiche. D'aineoinn go dteam sé mórán iarrachtaí, níor éirigh le Pádraig fiosrúchán ceart a bheith ann fán chás seo. Léirigh Ó Tiomáin a dhíogras don chluiche nuair a tháinig sé arais a imirt don chlub anuraidh.

Ní fheiceann Pádraig mórán contráilte le rialacha a chluiche go h-aithrid má bhíonn caighdeán na h-imeartha chomh maith agus abhí i gCraobh na h-Éireann 1998 idir Gaillimh agus Cill Dara. Tá sé den bharúil go mbeidh "Na LilyWhites' arais go láidir i 1999 ach a shúil go géar aige go foill ar dhul chun cinn a fhoireann féin i Rath Cairn.
Oifigigh an Chlub 1998
Cathaoirleach: Tómas Ó Conaire
Rúnaí: Pádraig Ó Conghaile
Teilefón (046-32936)
Cisteoir: Séan Mac Donnchadha


Most Read Stories