Babhta Gaillimh de Chomórtas Peile na Gaeltachta
May 11, 2012

The An Cheathrú Rua club with the Junior and Senior cups
Bhí féile peile den scoth ar Pháirc an Chathánaigh, an Cheathrú Rua an deireadh seachtaine seo caite nuair a reachtáil an cumann peile áitiúil babhta Gaillimh de Chomórtas Peile na Gaeltachta. Bhailigh foirne peile ó fud an Ghaeltacht ar an bpáirc ar an Sathairn nuair a imríodh na cluichí leathcheannais sa Sóisir agus Sinsir. Sa chéad chluiche leathcheannais, fuair leaids na h-áite an ceann is fearr ar Mhaigh Cuilinn agus bhí an bua ag Oiléan Aráinn ar Rinn Mhaoile. Sa Sinsir, d'éirigh le Bearna teacht amach chun cinn ar Mhaigh Cuilinn. I gcluiche mór an lae, bhí an lámh in uachtar ag an gCeathrú Rua ar Naomh Anna, Leitir Mór le poinnte. Cluiche breá spórtuil a imríodh eatarthu. Ar an Domhnach, imríodh na cluichí ceannais. Sa chéad chluiche faoi 16, bhí an bua ag Maigh Cuilinn ar leaids Naomh Anna, Leitir Mór.
Bhí sár-choimlint sa chluiche ceannais soisir idir an Cheathrú Rua agus Oiléan Árann. Ag deireadh an chluiche, bhí poinnte le sparáil ag an gCeathrú Rua. Fiú amháin, bhí an cluiche in am bhreise nuair a chuir Aonghus Mac Donnacha, laoch an chluiche saor chic thar an trasnán. Ba dea chomhartha a bhí anseo mar thug foireann sinsir an Cheathrú Rua an lá leo sa chluiche ceannais i gcoinne Bhearna le sé phoinnte. Bhí sárchluichí ag Michéal Ó Briain, Ian seoige, Gearóid Ó Conghaile, Seamús ó loideain agus Ciaran Ó Loideain ach tugadh laoch an chluiche do Phadraic ó Loideain, gradam a bhí tuilte go maith aige.
Bhí an Choiste áituil fíor bhrodúil as a gcuid iarrachtaí i reachtáil an chomórtais ach níl an obair ach ina thús. Tá feachtas bailiúchán airgead tosaithe chun costas an dá fhoireann a chludú do na cluichí naisiúnta a bhéas ar súil i nGaoth Daobhair ag tús Mhí an Mheitheamh. Tá cumann lucht tacaíochta curtha le chéile chun an feachtas sin a stiúradh.
Mar chuid den fheachtas, beidh comórtas Gailf AM AM ar súil ar Ghailf Chúrsa Oileáin Chonemara ón Déardaoin an 24ú de Bhealtaine go dtí an Domhnach an 27ú de Bhealtaine. Más mian leat tacú ar bhealach ar bith linn, is féidir teangmháil a dhéanamh le Peadar ag 087 0574984.
Torthaí na gCluichí
Dé Satharn 5 Bealtaine
Páirc an Chathánaigh
1:30in Sóisir - Oileáin Árann 3-13 v Rinn Mhaoile 1-13
Cluiche Leath Cheannais Sóisir
3:00in Sinsir - Maigh Cuilinn 0-8 v Bearna 0-11
Cluiche Leath Cheannais Sinsir
4:30in Sóisir - An Cheathrú Rua 4-11 v Maigh Cuilinn 0-04
Cluiche Leath Cheannais Sóisir
6:00in Sinsir - An Cheathrú Rua 0-10 v Naomh Anna Leitir Móir 0-09
Cluiche Leath Cheannais Sinsir
Dé Domhnaigh 6 Bealtaine
Páirc an Chathánaigh
12:30in - NaomhAnna Leitir Móir 2-08 v Maigh Cuillin 3-11
Cluiche Ceannais Peile Faoi 16
2:00in - An Cheathrú Rua 1-09 v Oileáin Árann 1-08
Cluiche Ceannais Sóisir
3:30in - An Cheathrú Rua 0-14 v Bearna 0-8
Cluiche Ceannais Sinsir
Bronnadh Laoch na hImeartha sa ngrád Soisir ar Aonghus Mac Donnacha, agus is é Padraic Ó Loideáin a bhain amach an t-éacht sa ngrád Sinsir.
Most Read Stories