National Forum

An Snáth Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


Árd leibhéal sa tuisceart- Rinne mé gaeilge don árd leibhéal ach ní dhearna mé go leor iarracht ag an ám sin agus chaill mé amach sna scrudaithe. Anois , tá cúpla paistí ag mo dheirifuir is sine agus ba mhaith linn Iad a thogáil le gaeilge . tá suim nua agam in an teanga mar gheall ar sin. b'fheidir go bhfuil mé i bhfád níos líofa anois na ag ám ar bith riamh. freastailím ar ranganna oiche , agus eistím le raidio failte agus deanaim mo dhícheall an teanga a labhairt an t-ám ar fad.

Suas síos - ard dhuine - pointe beag más ea?! - an tusa nó do dhreifiúir atá ag tógaint a clann? Maith dhom agus ná tóg orm amhlaidh - Gliocas na Ríochta ag sleamhnú isteach!!

Tá Gaeilge den scoth agat agus bí bródúil as an méid sin, bail ó Dhia ort. "Labhair í agus mairfidh sí" agus "Tír gan teanga, Tí gan anam"

Ard mholadh toillte agat. Lean ar aghaidh leis an dea-obair!

Gan dabht ar domhan caithfead a rá arís agus arís eile "Ciarraí go Deo!" (na ndeor)...

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 12/03/2009 00:16:23    230647

Link

Maith sibh beirte Babs Keating agus Eddie Keher ach cén fath nár labhair sibh amach níos lua i gcoinne na n-imreoirí i gCorcaigh? Is tragóid mór é seo do Chumann Lúth Chleas Gael ar fuid na tíre an toradh ar an scéal i gCorcaigh dar liom. Cill Chainnaigh Abú i mbliana nó na Tiobraidaigh nó lucht na Gaillimhe.

dingle1 (Clare) - Posts: 805 - 12/03/2009 01:26:37    230669

Link

Suimiúil go leor - cé a thiocfaidh isteach mar bhainisteoir Chorcaí? Is dócha go mbeidh orthu duine éigin a fháil nach raibh baint ar bith aige leis an gconspóid uile?

Sionnach (Kerry) - Posts: 77 - 13/03/2009 00:58:37    231447

Link

ni maith liom na daoine os uibh fhaili.

OLLIE (Louth) - Posts: 12224 - 13/03/2009 22:41:51    232167

Link

Ollie a chroí - ní dócha gur chóir lipéad a chuir ar aon duine fiú más ó Uibh Fháille dóibh! Is Ciarraíoch Mallaithe mé (!) a bhí ag céilliúradha mo lá breithe ("21") an deireadh seachtaine céanna i 1982 (nach ndéanfad dearúd air go deo!), deinim iarracht - mo dhícheall - (Cé go mbíonn sé deacair!) mathúnas a thabhairt dóibh. Tá aithne agam ar go leor ón gContae sin agus tá cuid acu ana dheas ar fad an chuid is mó den am! Ciarraí go Deo, agus ní dhéanfam dearúd ar an gContae Beag Bídeach (Wee County!)

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 14/03/2009 02:11:23    232251

Link

Déarfainn go mbeidh Dónal O'Grady nó Ger Cunningham i gceannais orthu agus ansin beidh Frank Murphy bainte den post ag deireadh na mbliana. I gcónaí thug mé tacaíocht do na himreoirí ach to trua agam do Gerald anois mar is laoch mór atá ann síos i gCorcaigh agus ceapaim gur úsáid Bord Contae Corcaigh é mar phuipéad...

Ar.an.talamh (Kildare) - Posts: 320 - 14/03/2009 10:12:16    232264

Link

go raibh maith agat Ríocht. Tá mo dheirifuir ag togaíl a paistí ach cuidím go minic agus bainím usaid as gaeilge ina theaghlach. Tá a fearr cheile líofach (as Baile Átha Cliath é) agus tá mo neacht ag freagairt as bearla do ceisteanna cuireadh as Gaeilge. Baineann sí usaid as gaeilge nuair atá sí ar lorg ar milseain no suntas! Is cailín Iontach glic í,(ní ach trí bliain d'aois) ach ní miste linn mar bíonn sí greanmhair.

Suas Sios (None) - Posts: 1558 - 14/03/2009 11:21:37    232280

Link

Sin é an t-aos is fearr an Ghaeilge d'fhoghlaim - súann siad gach aon ní isteach. Thógamarna ár dtriúr mac le Gaeilge agus Béarla i gCill Dara - táid líofa anois. Gan dabht bhí a gcuid scolaíocht go léir trí Ghaeilge.

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 14/03/2009 18:27:06    232399

Link

riocht ni maith liom an mhi freisin mar ta me in a chonai in aici contae mhi.an lu abu.

OLLIE (Louth) - Posts: 12224 - 14/03/2009 23:56:54    232521

Link

Sionnach, tá bróm orm, ach caithfidh mé a rá nach bhfuil aon suim agam ar cad a bhfuil ar suil shíos i Chorcaigh. Í mo thuarim tá 'pandoras box' oscailte acu, agus beidh a fhad nios mó triblóid acu síos an bothar...

festinog (Galway) - Posts: 3152 - 15/03/2009 01:12:34    232541

Link

Ar dtus caithfidh me a ra nach bhfuilim liofa ar chor ar bith ach ta me chuid Gaeilinn imithe in olcas le blianta beaga anuas agus caithfidh me rud eigin chun feabhas a chur air.

Ar aon nos, thug me faoi deara go bhfuil go leor daoine ag scriobh ar Snath na Gaeilge ach go bhfuil formhor acu ag scriobh faoi an teanga in ionad peil, iomanaiocht, na fadhbhanna i gCorcaigh, an pleice Ricey no pe rud!!!! (tee hee hee). Ta focloir leathan agus gramadach maith ar cuid maith scriobhneiori ar Hoganstand. Usaid e! De gnath ta na 'posts' as Bearla an-ghairid. Beidh se an easca iad a mhalairt go Gaelainn. Caithfaimid iarracht a dheanamh ar a laghad.

3inarow2008 (Kerry) - Posts: 204 - 15/03/2009 04:54:17    232557

Link

Ollie ni maith leat aon duine.Cén fáth?Ná bí buartha Oliie nilim ach ag pleidhciocht

maigh_eo (Mayo) - Posts: 1346 - 15/03/2009 12:48:36    232626

Link

Ollie - Tá an fhadhb céanna agam féin - im'chónaí i gCill Dara Thuaidh agus ró ghairrid ar fad do mhuintir na Mí - Cara ana mhaith agam ag obair ó Chontae Lú

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 15/03/2009 20:31:30    232797

Link

A 3inarow2008, mar a deirtear, an úsáid is mó a bhaineann daoine áirithe as an nGaeilge ná chun labhairt faoin nGaeilge!

Sionnach (Kerry) - Posts: 77 - 18/03/2009 17:34:02    234310

Link

An baist ach nach n-aontóin ansan leat in aon chor a Shionnaigh! Go leor daoine ag moladh an tSnáth toisc misneach a dhóthain a bheith ag an bPrátadóir é a thosnú- ach go leor eile le rá ag daoine chomh maith.

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 19/03/2009 23:14:38    235362

Link

Muintir Hoganstand, cad a tharla don Snath Gaeilge. Bhi suim mor ann ar dtus ach anois ta se ar leathanach 3. Ba cheard duinn e a usaid chun gach rud a phle, cosuil le 'Non-GAA Thread' ach tri mhean na Gealige.
Bhuel an rud is tabhachtach i mo thuairimse faoi lathair na go bhfuil Dara O Se ar ais ag traenail aris. Bhios ag leamh ar snath eile go raibh nios mo meas ag cuid acu i Dathai O Morain agus Tomas Breathnach. Agus cinnte go bhfuil meas mor tuillte acu. Ach ta rud speisialta ag Dara nach feidir leat a mhuineadh d'einne. Caithfidh tu e cruthu duit fein. Beidh rol mor do na young lads i mbliana ach is e an bliain is tabhachtach i saol peile Dara riomh.

3inarow2008 (Kerry) - Posts: 204 - 22/03/2009 05:04:52    236442

Link

Ceapaim go bhfuil an ceart agat 3inarow2008.Ta rud speisaliata ag Dara agus níl duine ar bith cosúil leis.Thug Jack O Connor "Fear Laidir" aige i The keys to the kingdom agus ta se sin fior i mo thuairimse.

maigh_eo (Mayo) - Posts: 1346 - 22/03/2009 13:08:02    236496

Link

Fear Laidir cinnte agus mhin Jack nach raibh eagla ar bith chun part a ghlacadh i cluiche ar bith, go raibh meas aige i peiladoiri eile ach nach raibh an iomai meas aige. Ach ta se nios mo na sin - Is e a aigne laidir an rud is fearr ata aige.

3inarow2008 (Kerry) - Posts: 204 - 23/03/2009 02:37:18    236817

Link

Is imreoir glic é.Tá fhios aige ar na cleasanna eagsula ata tabhachtach.Is maith liom é sin agus ta suil agam go mbeidh se ag imirt go han mhaith an bhlian seo chugainn.Ta cupla euro agam ar Ciarraí

maigh_eo (Mayo) - Posts: 1346 - 23/03/2009 21:27:21    237600

Link

Is fear iontach glic é Bail ó Dhia air. Ach i ndeireadh na dála - saolaíodh leanbh dó féin agus a mhnaoi le déanaí - Guím comhghairdeachas orthu uilig agus is ionach an scéal é go bhfuil sé ar ais arís. Ard a'Bhóthair Abú agus Ciarraí go Deo!!!

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 23/03/2009 23:18:47    237734

Link