Ceathru Rua and Galway 1999

January 01, 2001
Mar is eol do gach duine bhí 's tá traidisiún mór peile nó caide (mar a déarfadh an Ciarraíoch) san gCeathrú Rua i gcónaí agus sna ceantair mór thimpeall. Bíonn muid den tuairim scaití gur muid Slánaitheoirí na Peile Ghaelaí san taobh seo tíre. Is contúirteach an beart é tagairt a dhéanamh do dhaoine san am atá caite a bhain cáil amach dhíobh fhéin ar an bpáirc imeartha gan faillí a dhéanamh ar dhuine éigin eile ach ceapaim gur cheart daoine cosúil le Máirtín Óg Mac Donnacha, Aodhán (Aeroplane) Ó Sé, Séan (Keaveney) Breathnach agus Pettie 'Rua' MacDonnacha. Pettie Ó Sé, Willie Phaidín Mac Donnacha, Mickó Sally Ó Flatharta, Pádraig Stiophán's Mick Tailliúra Ó Flatharta, Maitiú Mhath Ó Domhnaill, Danny Staff de Bhailís, Pádraig Taimín Ó Ceallaigh's Padraicín Mike Johonny MacDonnacha a lua mar dhaoine a bhain cáil amach dhóibh fhéin i gcúrsaí peile san am atá caite's a rinne a ndícheall ar son an Chumainn's an Cheantair i ngach bealach. Is féidir a rá go dearfa go raibh ard bhliain againn san gCeathrú Rua i mbiana go dtí seo sa méid go raibh ceathrar againn ar phainéil na Gaillimhne ar thug Corn Sam arais don chéad uair trasna na Sionainne's trasna Droichidín Chasla don chéad uair le tríocha bliain ó 1966 i leith. Ba iad na laochra sin ná Pat Comer, Caoimhín Terry MacDonnacha, Séan Mhaitiu Ó Domhnaill's Séan Óg de Paor. Is cinnte go mba mhór an ghradam's an onóir é don Chumainn áitúil's dar gCathaoirleach le fada an lá i.e. Michéal Mac Donnacha as Bóthar an Chillín atá ina chomharsa béaldorais ag Seán Óg's ag Séan Ó Domhnaill. Nach muid atá brodúil go bhfuil dhá bhonn uile Éireann tagtha go Bóthar an Chillín nó Bóthar Bharr 'a Doire mar a thugtaí air go dtí gur éirigh muid galánta. Is cinnte nach ndéanfar dearmad go deo ar '98 san mbaile beag seo 's ar Fheachtas Craoibhe na Gaillimhe ón gcéad lá iCaisleán an Bharraigh go dtí an lá mór i bPáirc an Chrócaigh nuair a chuir siad críoch buacach leis an bhfeachtas sin. Is iomaí néaróg a bhí faoi bhrú i rith an tsamhraidh. Is é an gearrainm ar an ngalar sin dár liomsa ná PMT, tomhais dhuit fhéin céard é, ach cuireann sé isteach go mór ormsa go pearsanta ar go leor tharam. B'fhiú ar fad é is nach gcuirfeadh sé duine chun báis. Ni dhéanfaidh muintir na Gaillimhe dearmad go deo ar triú Domhnach de Mheán Fómhair '98. Bhí na sluaite ar a mbealach go dtí an príomhchathair ón Aoine. Bhí chuile áit brataithe le dathanna na Gaillimhe go mór mhór na ceantair tuaithe 's na bailte beaga. Bhí léinte na Gaillimhe á chaitheamh ag gasúr óga in-áit léinte ManUtd 's Learpholl. Dár ndóigh bhí éileamh 's tóraíocht ar thicéid 's bhí fón John Power faoi ionsaí, ach, an fear bocht láimhseáil sé go héifeachtúil é. Bhí mo fón féin te go maith sciti mar mheasc siad suas an t'ainm anois 's arís. Ní raibh an oiread sin ticéidí agamsa le John. Ar an Satharn bhí Muintir na Gaillimhe tiubh ar an talamh ag Comórtas Seachtar an Taobh i gCill Magh Chuda 's bhí plé 's cur síos ann ar an gcluiche mór. Bhí ár ghné sóisialta den tráthnóna 's an oíche thar barr. Casadh go leor sean-chairde ar a chéile's dár ndóigh bhí muintir na Gaeltachta ar bís do leads na Gaeltachta a bheadh ag seasamh an fhóid lá arna mhárach i.e. Seán Óg 's Séan Ó Domhnaill chomh maith le Caoimhín Terry's Pat Comer a bhí sna fir ionaid. Bhí Cyril, Pádraigín, Máirtín Óg, Séamaisín's Pádraig Mac Chladhnach thart i gCill Mha Chuda 's bhuail mé le iar-scoláirí, cailíní deasa as Coill Sáille, Maire T's Nóra Uí Mhaidín. Dár ndóigh bhí sean leantóir dílís iománaíochta 's peile thart ann i.e. Frank Coyne as MaighCuillinn. Is deacair a shárú a fháil. Bhí an atmasféar i Jury's an mBurlington an oíche sin 's ba dheacair do bhealach do bhealach a dhéanamh chun cúntair iontu fiú amháin dá mbeadh suim agat ann! Bhí an tuafás iar-imreoirí as gach ceard 's cúinne den tír ann. Ansin gan chuimhe bhí an la mór buailte linn 's cinnte bhí brú 's teannas i néadan an tromluí, ach, dóchas dá réir. Taréis Aifreann i Sr. Harrington, an bPár Neill Mooney, pub mór Conamarach 's Gaillimheach ar an lá. Bhí an marún go tréan 's go láidir ann. Bhí barrúlacha 's tuairimíocht ann ach arís an dóchas. Bhí deoraithe as chuile áit ann MacDara Bermingham's Jimmy Beag Ó Cualáin as Frisco's Seán Jack Pól ón gCeathrú Rua's Londain. Bhí bainisteoir na Ceathrú Ruadh Seán Breathnach ann 's a chomhleacaí Cóilín Ó Domhnaill (Adhmad) 's diabhal easpa ticéidi a bhí orthu. Rinneadh iarracht freastal ar chuile dhuine ó thaobh roinnt aon fhuílleach ticéidí dhe. D'imigh an t'am go tréan 's bhíomar ar ár mbealach. Lá gaofar lá trom ach scoth an lae i gcomhair na peile. Bhí Croker daite le marún ach bhí an bán ann freisin. Stair anois é mar a d'imigh patrún an chluiche ach bhí cogarnáil idir go leor gaillimhí ag leath ama. Fós bhí an dóchas ann ach neart allais. Ach ba ionsparáid a bhí insan dara leath. Scoth na peile ó fhir an iarthair, gach mac máthar acu ó Mháirtín Mac - Pádraig Seoigh. Rinne chuile dhuine a chion ciona fir 's a dhícheall. Dár ndóigh bhí ócáidí 's píosaí imeartha a sheasann amach ach seo cuid de na rudaí a chuir mo chuid mothucháin ag fiúchadh - ruathair aonair Mhíchéal Ó Domhnalláin, cúl buacach Phádraig Seoighe, pointe taobhlíne Iarlaith Ó Fallúin pointe breá Chnoc Mordáin i bhfad amach ó Shéan Mhaitiú 's an pointe deire den chluiche ó Shéan Óg nuair a d'fhógair Séan Bán ar Raidió na Gaeltachta go raibh Sam ar a bhealach trasna na Sionainne go Gaillimh, Conamara, An Ghaeltacht go dtí chuile bhóithrín, chuile scoilín agus chuile pharáiste. Ansin dár ndóigh ard oráid Ray Ó Síoda, The Field's agus muintir an iarthair beo. Is iontach an atmasféar a bhí ar an mbus buacach ó Pháirc an Chrócaigh go dtí an Burlington. Bhí na Gaillimhí arais ar mapa na peile arís le ardthaispeántas peile 's ní raibh focal i bpluaic na n-iriseoirí, na gcolúnaí a bhí cainteach magúil linn le blianta. Bhí meas tuillte againn ó leitheidí Cholm Ó Ruairc, Pat Spillane, Eugene Magee's Paidí Ó Sé's deire thiar. Féadfar breathnú díreach idir dá shíuil orthu feasta. Bhí ocáid stairiúil san mBurlington an oíche sin. Bhí sciob sceab ar thicéidí, chuala muid sár oráidí ó Uachtaráin CLG, Seosaimh Mac Donnacha, 's ó Phádraig Ó hAogáin Cathaoirleach Bord Peile na Gaillimhe 's ó Prionsias de Búrca Cathaoirleach CLG na Gaillimhe ach is iad na peileadóirí a bhí i néileamh ag an slua. Bhí siad ann ó Chonamara, Boston, Nua Eabhrach, San Francisco agus Chicago 's Londain 's iad uilig mórálach as na leads 's ag sioscadh 's tógáil phictiúirí le Sam. Bhí deágh ghúmór ar Sam é fhéin, is fearr a thuig sé canúint na Gaillimhe ná Chiarraí 's bhí sé ag brusháil suas done Cheathrú Rua mar beidh air blianta fada a chaitheamh san gceantar seo. Bhí ard óiche ann 's cuimhneoidh muid ar na mothúcháin 's deora fhad 's a mhairfidh muid. Fair play do na leads a rinne an beart. Nár laga Dia iad chuile dhuine ó Mháirtín anuas chomh maith le Johno, Pete agus Stiophán. Maidir leis an turas abhaile le Sam, chruthaigh sé mothúcháin deor's póga. Shiúil sé trasna na Sionainne's nach é a bhí happy dul abhaile arís. Bhí gáire áthais ar Phat Egan ár gCathaoirleach, ar Phelim Murphy's Frank Burke, gan trácht ar Dympha, John, Jack Mahon's an buíon uilig. Bhí ard fháilte roimh Bhus '98 na Craoibhe i ngach bolach, tinte cnámh ag pléascadh, gasúr ag caoineadh's daoine fásta dul siar ar bhóithre na smaointe. I ndeire na dála shroich an Bus an Ard Eaglais 's bhí tír's talamh ann agus cuireadh na fearaibh fáilte rompu. Ba mhaith liom a rá gur bhualeas le Glen Ryan, Eddie McCormack, Brian Lacey, Dermott Earley's a lán eile acu i Jurys ar an maidin Luain's go raibh siad an-díomach ach diognáideach dá réir. Bhí deoch againn leo's d'aontaigh siad gur chuir Gaillimh an ionadh orthu's nach raibh siad ag súil leis ach mhol siad ardchaighdeáin imeartha na Gaillimhe a bhí uasal spórtiúil gan gangaid. Is uasal an rud é sin. Rinne an Cluiche Craoibhe seo an mhaitheas do chaighdéan peile san tír 's fresin do sheasamh's measúnacht ár leantóirí ar an gcluiche. Ba iontach an sampla do thuistí's do dhaoine óga é. Níor tarrnaíodh buille salach 's bhí ard chaighdeán ann. Bhí mór mhothúcháin le tabhairt faoi deara an oíche ar thug Sam a chéad chuairt ar an gCeathrú Rua. Bhuail muid lena laochra ag an Aibhnín, iad ag taisteal ar bhus Flaherty's Enda ag tiomáint. Ar aghaidh linn go Cladnach 's bhí tine mhór ar Chéibh Chroisín ag Padraigín Cyril's a gcairde. Bhí tyreanna Mháirtín Bán's Ghearóid fáil maide. Ansin deora, póga, pictiúirí's craitheadh lámha. Siar linn ansin síos an Gleann's an Caorán Mór gur shrioch muid Airdín na Locha áit a raibh ceiliúradh mór ag Maitiúchaí an cheantair 's cuireadh ard fháilte roimh Shéan Ó Domhnaill's Seán Óg (seo é a mbóthar dúchas). Bhí Jack ann atá dul i naois anois (seanuncail SheánÓg) ach atá breá sláintiúil fós's sean suim aige san gcluiche peile i nGaillimh. Bhí tine iontach ag Maitiú's a chairde anseo. Ansin ar aghaidh linn go teach ShéanÓg áit a raibh a chlann's gaolta bailithe, rinne Sam a bhealach go dtí an geata ach bhí an t'am ag breith suas orainn. Ócáid mothúcháin stairiúil a bhí anseo 's beag a cheap muid é tráth den tsaol go dtiocfadh Sam Br. an Chillín in éineacht le beirt leads den bhóthar. Is ait an Mac na Saol's Casann an Rotha go minic. Ansin isteach go Baile na Ceathrún Rua's na hóganaí faoi stiúir Jimmy Phat Mór á dtreorú isteach. Bhí na sluaite ann 's ba dheacair do bhealach a dhéanamh go dtí an tardán. Bhí said ann as gach aird ó Charna go Bearna. Bhí ard atmasfeár ann's thug na peileadóirí aitiúla Caoimhín Terry, Séan Ó Domhnaill, Pádraig Ó Ciargáin 's, Séan Óg píosa beag cainte's buíochas leis an Slua. Ansin labhair ár gCathaoirleach Míchéal Mac Donnacha 's ghlac buíochas leis an slua, lucht an Halls's gach duine a thug cabhair go mór mhór Pádraig Tommy's Cólín Ó Suilleabháin. Ansin bhí ceiliúradh 's cóisir san gCistín go maidin 's buíochas le Aodán 's le muintir an Tí a chur suas ard thaispeántas 's seirbhís mar is ghnáthnach. Buíochas le Edward a tharraing na pictiúirí 's a bhfuil cuid acu istigh. Ba seo ócáid nach ndearmódfar go deo.

Most Read Stories