(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post
Festinog An gceapann tú go bhfuil baol ann go bhfuil Gaillimh théis "peaking" ró luath i mbliana sa bhealach céanna a tharla do Ros Comáin cúpla bhliain ó shin i Roinn 1? Bhíodar ar fheabhas sa Sratih ach thit an tóin as sa Chraobh. Nó an bhfuil tú sásta go mbeidis réidh don Samhradh? Cad é an sprioc dóibh i mbliana meas tú? Craobh Connachta agus áit sa "Super 8"? MesAmis (Dublin) - Posts: 13796 - 26/02/2018 08:32:30 2080324 Link 2 |
Ceisteanna iontacha iad go léir, agus í ndáirire níl fhios'áim. Tá imní orm go bhfuil an iomarca tábhacht chuir ár na buaigh go dtí seo. Tá sé solair go raibh muid réidh le haghaidh an sraithe I mbealach nach raibh foirne eile (Maigh Eo mar shampla). Caithfidh muid fan a fheiceáil sa samhraidh, nuair atá na comtaetha eile "firing on all cylinders" an bhfuil muid comh mhaith is a ceaipeann muid ag an ám seo. Ár sprioc? Tar sis an cluiche SIN in aghaidh Ros Comáin an samhraidh seo chaite, craobh connachta cinnte, agus tar eis sin, na Ocht Iontacha. Beidh samhraidh suimiúil again, cinnte! Is tú fhéin: ceapann tú go mbeach Áth Cliaith in ann Sam a bua arís? festinog (Galway) - Posts: 3148 - 26/02/2018 14:29:13 2080526 Link 0 |
Is dócha go bhfeicimid sa samhradh leo. D'fhág sibh craobh Connachta taobh thiar daoibh an bhliain seo caite measaim. Tuigim go raibh Ros Comáin go maith ar an lá ach i ndiaidh daoibh Maigh Eo a bhuaileadh ba chóir gur chríochnaigh sibh an jab sa cluiche ceannais. Go háirithe nuair a fheicimid an dul chun cinn atá déanta ag Gaillimh anois i Roinn 1. Maidir le Áth Cliath. Beidh siad san iomaíocht mí Lúnasa gan amhras. Sílim tá sé cinéal suas do cé chomh maith atá na foirne eile, ar nós Maigh Eo is Ciarraí. Más féidir do Mhaigh Eo nó Chiarraí a imirt a fheabhsú beagainín tá gach seans acu Áth Cliath a bhuaileadh. Beidh an bua ag Áth Cliath muna feabhsaíonn éinne eile dar liom. MesAmis (Dublin) - Posts: 13796 - 26/02/2018 14:59:38 2080551 Link 2 |
Beidh a lán cluicheanna ar TG4 ar Dé Domhnaigh 11u Márta. galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 08/03/2018 15:42:47 2082737 Link 0 |
Ar fheabhas, cad iad na cluichí?
Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1173 - 09/03/2018 18:04:22 2082996 Link 0 |
galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 10/03/2018 15:47:44 2083182 Link 0 |
Cluichí, 100%. http://www.teanglann.ie/ga/gram/Cluiche nó http://www.teanglann.ie/en/gram/Cluiche. Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1173 - 11/03/2018 01:11:47 2083279 Link 0 |
ba mhaith liom comhgardeas a dhéanamh go dtí TG4 spoirt! galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 11/03/2018 17:39:23 2083440 Link 1 |
Aye, leaids iontacha iad. Ciceann siad RTÉ síos an tsráid lena gcraoladh spóirt Gaelaigh. Cluichí ón sraitheanna náisiúnta, ón craoibheacha club, faoi 21, et cetera. Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1173 - 12/03/2018 16:58:01 2084019 Link 0 |
Níl aon CLG nó Gaeilge are TV3. galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 13/03/2018 13:11:35 2084261 Link 0 |
Beimis an-bhuíoch ar fad do TG4 agus a gcuid craoladh na gcluichí gaelacha. Gan iad, beimis ag brath ar na 'rugbaí goys' i mbun RTÉ, agus feicfaí i bhfad níos lú peile agus iománaíocht ar an teilifís. Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 14/03/2018 10:38:05 2084463 Link 3 |
Níl a lán Gaeilge ar an radio fresin. Níl a lán GAA ann gan dabht.
galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 14/03/2018 12:17:20 2084499 Link 0 |
Radió na Gaeltachta? Cloisim píosanna beaga ("Creid é nó ná Creid é") ar Today FM chomh maith. Is feidir le duine Radió na Life i gCúige Laighin fresin.
Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 14/03/2018 14:21:19 2084548 Link 0 |
Ba mhait liom comhgardeas a dhéanamh go dtí Contae Loch Garman agus Contae na Gaillimh. Cluiche an mhaith ann inniú galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 24/03/2018 18:08:07 2087473 Link 1 |
Maithú a chara. Táim í mo conaí s'na Stáit Aonthaithe. Mar sin tá sé deacair dom Béarla a labhairt, ná bac Gaeilge! festinog (Galway) - Posts: 3148 - 24/03/2018 23:55:20 2087592 Link 0 |
An feabhas i gcursai peil gaelach agus iomaint I gcontae Ceatharlach - is annamh is iontach ! Contae an beag ar fad ach ta said ag dul suas on roinn 2a go 1b agus 4 go 3 San strath. Bainisteoir (National) - Posts: 577 - 25/03/2018 09:07:17 2087606 Link 0 |
Tá siad ag déanamh an-obair thíos ann cinnte. Do chontae chomh beag, tógann sé an-iarracht an péire a choinneáil ag imeacht. Níl a gcuid comharsainn béal dorais ag déanamh aon iarracht peil a fhorbairt, théis go bhfuil piocadh i bhfad níos mó acu. WanPintWin (Galway) - Posts: 2318 - 25/03/2018 09:53:44 2087617 Link 0 |
Ó Arm Heffo go dtí an lá atá inniu - An 15 a Thosóinn. https://nadubsabu.com/2018/03/31/o-heffo-go-gavin-an-15-a-thosoinn/ [url=]linkhttps://nadubsabu.com/2018/03/31/o-heffo-go-gavin-an-15-a-thosoinn/[url=]link 15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 03/04/2018 10:29:49 2090563 Link 0 |
An bhfuil díomá ar aon Dub eile maidir leis an diúltachas atá amuigh ansin nuair a bhuann na Dubs? Níl aon cheist faoi ach go bhféadfaí cárta dubh a bhronnadh ar Jonny Cooper go luath sa gcluiche Dé Domhnaigh seo caite ach bhí sé soiléir go raibh sé socraithe ag an réiteoir roimh an gcluiche go raibh sé chun na cártaí dubha a choinneáil ina phóca. D'fhéadfadh duine nó beirt as Gaillimh cártaí dubha a fháil freisin níos faide anonn sa gcluiche. 15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 04/04/2018 12:43:49 2090993 Link 0 |
Tá sé iontach go bhfuil an mhí seo saor do na clubanna. Tá imreoirí de chuid mo chlub féin sásta go bhfuil cinnteacht ann an mhí seo maidir leis an dá chluiche craoibhe atá le himirt acu. Tá go leor ball de chuid Chumann Lúthchleas Gael den tuairim gur cheart go mbeadh níos mó ama acu agus nach leor an mhí. Tá go leor den tuairim, freisin, go bhfuil an bhliain idirchontae rófhada freisin. Cén fáth, mar sin, nach ritheann baill de chuid CLG, fud fad na hÉireann, rúin ag cruinnithe de chuid a gclubanna ag lorg 6 seachtaine an bhliain seo chugainn in áit an cheithre seachtaine atá ann i mbliana do na cluichí craoibhe. 15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 05/04/2018 10:37:31 2091194 Link 0 |