National Forum

An Snáth Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


I ndáiríre?? Cá raibh tú ag staidear? Chualas nach raibh an cúrsa in Ollscoil na Banríona ró-mhaith...

spudenator (Laois) - Posts: 1052 - 05/03/2009 00:17:05    224391

Link

ah now, dá mbeinn a rá sin, bheadh aithne níos fearr ag daoine ormsa!

fear aontroma (Antrim) - Posts: 94 - 05/03/2009 17:25:47    224916

Link

Haha - Sin fíor is docha. Cad é an Gaeilge ar ''Cloak of Anonymity''? ''Brata chun aitheantas a cheilt'' b'fheidir. Haha!!

spudenator (Laois) - Posts: 1052 - 05/03/2009 18:01:07    224961

Link

Clúdach na ceilte b'fhéidir? Nó cochall na ceilte?

fear aontroma (Antrim) - Posts: 94 - 08/03/2009 22:59:10    227494

Link

Sa sraith náisiúnta go dtí seo

Ciarraí 3
Fóirne Uladh 0

Tá rudaí ag feachaint go maith don bhliain amach romhainn.

dingle1 (Clare) - Posts: 805 - 08/03/2009 23:35:43    227524

Link

Parlez-vous la langue de francais bien?

HokeyPokey (Tyrone) - Posts: 1744 - 08/03/2009 23:42:11    227530

Link

Corcaigh abú!
Slán

mouldybags (Cork) - Posts: 108 - 09/03/2009 01:42:15    227589

Link

Níl ann ach an tsraith náisiúnta go foill, dingle1.

pearsesabu (Antrim) - Posts: 663 - 09/03/2009 09:25:19    227646

Link

Oui, oui moinseur Hokey-Pokey...tres bien.

dingle1 (Clare) - Posts: 805 - 09/03/2009 10:12:17    227688

Link

Bhuel lads,
Rinne mé dearmad glan ach tá sé 'Seachtain na Gaeilige' (dhá sheachtain)!!
Anois a chairde féach ar www.snag.ie ar an idirlíon.

Le beannachtí

Snufalufagus....Laochra Gael

Snufalufagus (Dublin) - Posts: 8100 - 09/03/2009 14:04:22    227958

Link

Maith an fear Snuffy. Tá orainn iarracht breise a dhéanamh i rith choíchís (fortnight) na Gaeilge. An bhfuil aon rud suimiúl ollmhaithe i bhur gceantair? Nach mbeadh an coíchís seo seans iontach chun rud éigin a eagr i bhur gclubanna??

spudenator (Laois) - Posts: 1052 - 09/03/2009 16:26:12    228137

Link

Is mór an náire é nach mbíonn níos mo caint faoi sheachtain na gaeilge.Bfheidir beidh níos mo ag tarlu an seachtain seo chugain

maigh_eo (Mayo) - Posts: 1346 - 09/03/2009 17:12:28    228188

Link

Tréaslaim libh/daoibh Gaillimh

williewentwell (Tyrone) - Posts: 1712 - 09/03/2009 23:01:51    228579

Link

Ambaist spudenator, gaisce atá bainte amach agat anseo! Is comhtharlú é dom fhéin freisin, mar rinneas an beart céanna ar an bhfóraim don suíomh idirlíne CLG Chiarraí coicís ó shin, agus tá ag éirí go maith leis an snáth! Muise cuireann sé gliondar im chroí a fháil amach nach bhfuilim i m'aonar.

Agus ardmholadh ach go háirithe, sibh as na Sé Chontae, a scríobh cheana féin anseo- ní raibh an phribhléid agaibh go léir (cinnte sibh a bhfuil níos sine) an teanga a fhoghlaim sa scoil, agus cos ar bolg ag imirt oraibh! Tugaim faoi deara go bhfuil seoladh sa 'Saorstát' ag na pleidhce go léir a chuir cuairt ar an snáth! Is iontach an rud an saoirse!

Ach is ábhar díomá é a thógaint faoi deara go bhfuil mionlach aineolach Filistíneach inár measc- tá an tádh linn nach bhfuil an dream céanna i bhfóraim na Ríochta, fós ar aon nós. I mo thuairimse, 'sé náire síoraí na tíre í, 'sí sin meath na teanga. Agus ní amháin sin, is rud níos measa ná an díspeagadh (contempt) a bhfuil ag slua glórmhar dona dteanga féin. Tá sí níos tábhachtaí, gan amhras ar bith, ná aon ceol tradisiúnta, nó caid, nó iománaíocht, má theastaíonn uainn a thuiscint ár fhéiniúlacht agus ár n-oidhreacht. Is masla é a bheith ag cur síos uirthi, ní amháin féinmhaslacht, ach masla i dtreo na glúine a fhulaing romhainn, idir troid agus gorta agus imirce, sa chúis go mbeimid in ann bheith saor lenár airgead a chaitheamh ag scieáil agus ag siopadóireacht in Ionad Bhaile Dhún Droma.

Agus i dtaobh na cnáimhseálaitheoir a chuireann an milleán ar an gcóras oideachais, b'fhéidir go gcuimhnidh siad ar focail Shakespeare ó na laethanta scoile:

"The fault, dear Brutus, lies not in the stars, but in ourselves"
("Ní ar na réaltaí, a Bhrutus, a luíonn an locht, ach orainne")

Ach ní dóigh liom gur thug siad aire ar bith sa rang Bhéarla ach an oiread...

an tseabhac (Kerry) - Posts: 441 - 10/03/2009 00:23:23    228647

Link

Gabh mo leithscéal! In ionad "cur síos" (describe) bhí "caitheamh síos" (disparage, put down) in aigne agam sa sliocht sin thuas. Bhíos ag scríobh an-déanach agus bhi leathshúil agam ar an leaba...

an tseabhac (Kerry) - Posts: 441 - 10/03/2009 15:59:27    229151

Link

Beatha agus sláinte!

Maith thú spudenator! Thar am don Gaolainn a háit ceart d'fháil ar an tsnáth seo.

Pointe beag - dúirt duine nó b'fhéidir beirt go raibh orthu an Ghaeilge d'fhoghlaim ar scoil, agus gurb í sin an chúis nach raibh aon Ghaeilge acu. Níl ansin ach leathscéal ó dhaoi.

A mhalairt a tharla dómhsa. Cuireadh iachall ormsa agus mo chomhscoláirí Béarla d'fhoghlaim ar scoil. Ach an gcloiseann tú ag gearán sin? Agus creid nó ná creid tá an Béarla nach mór chomh maith len ár nGaolainn!

Féach ar www.ligdom.com

Gan dabht - Ciarraí go Deo - agus b'iontach na focail a dúirt Dara Ó Cinnéide agus corn Mhic Dhuibhir á ghlacadh aige ar shon Chiarraí.

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 11/03/2009 00:45:09    229679

Link

Tá an ceart ar fad agat Dingle1 - tá rudaí ag féachaint go diabhail, thar barr agus ar fheabhas ar fad ar fad. Maith sibh a fhoireann chróga Chiarraí! Agus le cúnamh Dia na Glóire thuas beidh 3 BHUA agaibh i mbliana!!

(Is dócha go bhfuil fhios agat gur bhuaigh An Daingean Comórtas Caide an t-uasal Uí Shé - cé nach raibh mórán ag faire air)

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 11/03/2009 00:56:26    229690

Link

Bhuel lads. Tá mo chroí lán le ghliondar inniú agus mé ag léamh na teachtaireachtaí thuas. Tá na fíor-Ghaelgóirí ag teacht chun cinn ar an tsíomh seo anois. Caithim a rá gurb fheidir le chách rud éigin a fhoghlaim as an tseabhach agus an Gaeilge atá in a mhian aige. Blas iontach Ciarraíoch atá agat. Maith an fear!

Riocht. Is rud fíor-iontach é an caighdeán Gaeilge atá agat mar fear eile ó lár na Galltachta agus aontaím leis an mbeirt agaibh faoin leithscéal in úsáid ag a lán daoine. Is fíor nach bhfuil an córas oideachais suas leis an gcaighdeán ar chor ar bith ach tháinig me fhéin, agus sibhse, tríd an gcóras chéanna. Níor rugadh i dteaghlach le Gaeilge mé, níor fhreastal mé ar Ghaeilscoil, ach cé nach bhfuil mo chaighdeán ró-ard anois, le n-iarracht, cleachtadh agus cabhair táim in ann a bheith bhródiúl as mo chumas an teanga seo a labhairt. Níl ar iarradh ach iarracht!

spudenator (Laois) - Posts: 1052 - 11/03/2009 16:29:31    230224

Link

Táim ag maireachtaint i gCill Dara ach is Ciarraíoch go smior mé! Ó Iarthar Dhuibhneach - Gaeltacht Chorca Dhuibhne - (Club - An Ghaeltacht) agus gan focal Béarla agam go rabhas timpeall hocht mbliana d'aois! Maith dhom má thugas an tuairim neamh-cheart duit. Agus fear ??! Taobh thiar do gach fear maith tá sár-bhean!!! Ciarraí Abú!!

Riocht (Kildare) - Posts: 25 - 11/03/2009 19:36:32    230399

Link

Árd leibhéal sa tuisceart- Rinne mé gaeilge don árd leibhéal ach ní dhearna mé go leor iarracht ag an ám sin agus chaill mé amach sna scrudaithe. Anois , tá cúpla paistí ag mo dheirifuir is sine agus ba mhaith linn Iad a thogáil le gaeilge . tá suim nua agam in an teanga mar gheall ar sin. b'fheidir go bhfuil mé i bhfád níos líofa anois na ag ám ar bith riamh. freastailím ar ranganna oiche , agus eistím le raidio failte agus deanaim mo dhícheall an teanga a labhairt an t-ám ar fad.

Suas Sios (None) - Posts: 1558 - 11/03/2009 22:20:27    230523

Link