National Forum

An Snáth Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


ta se soileir nach bhfuil re na gaeilge croichnaithe ar choir ar bith, taim ag deanamh staidear ar ghaeilge san ollscoil agus ta nios ma aiseanna ar dhaoine usaid a bhaint as an teanga na a bhi riamh!!chomh maith leis sin ta nios mo toir ar na gaelscoileanna na a bhi riamh ach oiread!

is oth liom a ra go bheidh me ag beic ar son na chrocaigh ar la fheile padraig, ta fearr as longfort ina measc agus ni mor dom mo chontae fhein a leanuint (mar a duirt an 'Kav' e fhein nil moran seans ag longfort an sam maguire a bhuaigh)

rilo (Longford) - Posts: 44 - 26/02/2009 16:08:10    219183

Link

Ta athas an domhan orm anois mar gheall ar an meid daoine ata ag baint usaid as an snath gaeilge.

maigh_eo (Mayo) - Posts: 1346 - 26/02/2009 18:45:35    219390

Link

25/02/2009 17:18:26
pearsesabu
County: Antrim
Posts: 216

218175 Arantalamh - sílim nach bhfuil morán Gaeilge ag na fir sin ó Thír Eoghan. Ní dúirt siad aon fhocal faoi Cavanagh nó Cooper i ndiaidh post dingle1. Ni tharlaíonn sin go minic le fir Thír Eoghan ar HS.

-------------------------------------------------------------------------------

Whoah whoah whoah whoah!!! Ta Gaeilge ag neart daoine i dTir Eoghain. Bhi Gaeltacht measartha mor ar an Charriag Mhoir agus ta an teanga beo agus laidir hart faoin ceantar seo ar fad. Ta fhios agam go bhfuil barraiocht amadain ar an suiomh seo as Tir Eoghain ach na cur droch ainm breige ar achan duine mar gheall ar sin.

Rio Bingo (Tyrone) - Posts: 788 - 27/02/2009 09:09:00    219772

Link

Maith thú Rio Bingo.

Tá ceist agam duit, an mbeidh a lan deacrachtí ag Tír Eoghan anois agus Ricey ar an taobhlínne ar feadh ceithre cluichí? Is imreoir tabhachtach é díobh gan amhras ach an mbeidh sibh in ann na h-imreoirí eile a bogadh timpeall chun an bearna a líonadh? Measím go mbeadh fadhbanna agaibh í gcoinne Meehan leis an nGaillimh.

Green_N_Gold1 (Kerry) - Posts: 103 - 27/02/2009 15:59:42    220475

Link

Ta faic le ra agaim ar maidin a chairde, ach amhain go bufuil so -30 taobh amuigh is ta mo bhoibili´n shuas timpeall mo mhuineal!

festinog (Galway) - Posts: 3152 - 27/02/2009 16:13:04    220486

Link

Ní raibh sé chomh fuar sin thíos i nGaillimh an raibh? Ag dul síos ansin ag an Cháisc, an molfá teach tábhairne maith sa chathair ar thaobh an cheoil is an chraic de?

fear aontroma (Antrim) - Posts: 94 - 27/02/2009 17:06:46    220554

Link

Maith thu spudenator,
Lads,
Inis dom faoi aon clubanna i do chontae a chur chun cinn ar teanga Gaeilge?
Mar shampla 'Scoil Ui Chonaill CLG' i BÁC agus 'Na Pearsaigh CLG' i Chorcaigh!
Aon eile?

Le gach beannacht,

Snufalufagus....Laochra Gael

Snufalufagus (Dublin) - Posts: 8100 - 27/02/2009 17:48:06    220585

Link

fear aontroma - mo bhroin, nil me i mo cheantar fhein faoi laithair; taim thar lear i America i Dakota Thuaidh i gceart leor na Sioux is na buffalo! Ma bhfuill teach tabhairne a teastail dhuit i nGaillimh, te go dti forum Chontae an Gaillimhe, ta snath ann ar an abhar sin. I mo thuairim, ta ceoil is deoch iontach isteach so "Crane Bar". Ma bhfuil tu ann, abir "dia dhuit" go John Olney; senim se an mandolin ann go minic.
(Ta bron orm nach bhfuil aon seimhu a-usaid agam. Riomhaire Americanach, dtuigeann tu!)

festinog (Galway) - Posts: 3152 - 27/02/2009 19:08:54    220646

Link

Green n Gold1,

Is fuath liom Ryan Mc Menamin mar dhuine, ach caithfidh me a adhmhail go bhfuil se iontach tabhactach do Thir Eoghain. Thig leis imirt aon ait ar an phairc. Ach an t-aon rud faoin fionraiocht seo na go mbeidh Conor Gormley ar ais aris ar uimhir a se. Dearfhainn go mbeidh seiseann an duine a phiocann Meehan suas i neadan an Ghaillaimh. Ach cad e faoi Armstrong agus Joyce?? Ta me ag duil go mor leis an chluiche seo.

Rio Bingo (Tyrone) - Posts: 788 - 27/02/2009 22:33:14    220755

Link

SPUDENATOR,
sea,táim ag staidéar i nGaillimh(ach níl mé ag dul go dtí na léachtaí faraor!) É sin ráite is breá liom an teanga.

Cén fáth?

ACtribe (Galway) - Posts: 401 - 28/02/2009 21:04:01    221111

Link

Maith thu spudenator,
Lads,
Inis dom faoi aon clubanna i do chontae a chur chun cinn ar teanga Gaeilge?
Mar shampla 'Scoil Ui Chonaill CLG' i BÁC agus 'Na Pearsaigh CLG' i Chorcaigh!
Aon eile?

Le gach beannacht,

Snufalufagus....Laochra Gael


Snuf tá dhá club iománaíocht i gCill Dara a n-úsáideann a ainm Gaelach...siad sin Coill Dubh agus Éire Óg/Chorra Chaoil ach ní dhéanann club ar bith iarracht and teanga a chur chun cinn...

Ar.an.talamh (Kildare) - Posts: 320 - 02/03/2009 14:15:22    222044

Link

Is mise jimmyjoebob. Ta me i mo chonai i mBaile Ui hAgain. Ta se an sraidbhaile beag idir bPort An Dunain agus Ard Mhacha. Ta Se iontach cuin. Is maith liom Bailie Ui hAgain.

(taken from GSCE Irish oral exam all those years ago!! apologies if the spelling is wrong and also I dont know how to do fadas on the computer!)

jimmyjoebob (Armagh) - Posts: 137 - 02/03/2009 15:31:00    222133

Link

ta a lan gaeilgeoiri i measc na h'imreoiri I mo cumann fein, Ceathru aodha dhuibh agus deagoiri go hairithe. Ta sin deas le feicail

Suas Sios (None) - Posts: 1558 - 02/03/2009 16:00:01    222159

Link

Nuair a smaonim siar ar mo laeathe scoile, cuimhnim ar an sheanfhocal "Tír gan teanga, tír gan anam". Aontaim go mór le sin, agus cé nach úasáidim gaeilge gach lá, tá sé níos tábhachtaí i mo shaoil ná tíreoliocht nó staire nó aon rud eile a bhí mé ag staidéar sa scoil. Tá orainn iarracht gaeilge a úsáid níos mó. Fair play do gach duine anseo agus go n'eirí an m'bothair libh go léir.

Gaillimh Abú!!

HighBalls (Galway) - Posts: 21 - 02/03/2009 17:03:03    222234

Link

ACTribe. Rinne mé an chúrsa chéanna idir 2004 agus 2007...Cúrsa iontach atá ann in OE Gaillimh, go háirithe má dtéann tú ar na deireadh seachtaine thiar sa gCeathrú Rua...An-craic! Snuffy, faraor, ní mbíonn fíor-iarracht déanta ag a lán gclubanna sa tír...i mo cheantar ar aon nós. Is léir nach bhfuil an ceangal idir teanga, spórt agus cultúr feicthe mar ghné dairíre den CLG. Is rud náireach é sin, ceapaim.

spudenator (Laois) - Posts: 1052 - 02/03/2009 18:34:14    222334

Link

Lads. Níor eol dom go raibh na chluichí ón tsraith peile agus iománaíochta agus an Corn Mhic Shigiúr le fáil ar TG4 Beo - www.tg4.ie - (Té go dtí TG4 Beo sa chúinne)

Is fiú súil a chaitheamh ar mar is seirbhís fíor-iontach é agus sílim go bhfuil an tráchtaireacht ar tg4 thar barr, go háirithe ag MacDara MacDonncha, agus cábhraíonn sé go mór le do Ghaeilge, go háirithe maidir le náthanna spóirt. Tá orainn ar fad an foclóir sin a bheith againn chun plé níos fearr a bheith againn anseo.

spudenator (Laois) - Posts: 1052 - 03/03/2009 12:48:03    222806

Link

Riobingo - ná bí imní ortsa - ní raibh mé ag caint faoi an chontae uilig, ní raibh mé ach ag caint faoi (d'fhocail) "an barraíocht amadáin ar an suíomh seo as Tír Eoghain" a bhí ag cuir posts ar an snáth - bhí mé ag smaoineamh go raibh siad iontach ciúin i ndiaidh barúlacha ar imreoir Tír Eoghain (ni tharlaíonn sin go minic). Ní raibh mé ag cur droch ainm breige ar achan duine mar gheall ar sin - tá eolas mhaith agam ar na ceantar gaeltachta Thír Eoghain a bhí ar marthan go na 50s agus 60s sna Speiríní ó leabhair Michael J. Murphy.

pearsesabu (Antrim) - Posts: 663 - 03/03/2009 23:27:12    223519

Link

Snuff - cuireann Cumann Peile Peil Gael na mBan An Bratach Inis an Gaeilge chun chinn i ngach gné den chlub agus tá líofacht sa teanga ag an-chuid baill idir oifigigh agus imreoirí. Déanann an Gaelscoil agus and Gaelcholáiste in Inis sár oibre ar son na teanga.

dingle1 (Clare) - Posts: 805 - 04/03/2009 00:26:16    223562

Link

Lads, tá ceist agam; an ndearna duine ar bith anseo ón dTuaischeart an A-Level sa Ghaeilge? Chuala mé go raibh sé i bhfad níos fearr mar chúrsa ná'n Ardteist agus ba léir domsa agus mé ag staidear ar Ghaeilge i OÉ Gaillimh go raibh caighdeán fíor-árd ag lucht na dTuaischearta. Céard a cheapann sibhse faoin gcóras???

spudenator (Laois) - Posts: 1052 - 04/03/2009 14:49:48    223870

Link

Ní thiocfadh liom a rá cé acu is deacra, ní dhearna mé an tArdtéist! Ach ón A-Leibheál a rinne mise, caithfidh mé a rá go raibh sé níos deacra ná na scrúdaithe a rinne mé ar an ollscoil!

fear aontroma (Antrim) - Posts: 94 - 04/03/2009 17:19:43    224015

Link