National Forum

An Snáth Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


Is fuath liom an fógra Carlsberg sin leis an "bóthar, cailín, bainne"...ceapaim go bhfuil sé maislíoch don teanga.

An-chuiche iomáint ag an deireadh seachtaine bhí Port Omna thar bharr.

Ar.an.talamh (Kildare) - Posts: 320 - 24/02/2009 16:43:13    217084

Link

Maith thú Prataíator. Deanaim iarracht an snath seo a usaid ach caithfidh mé a admhail, cé go bím ag leamh ar hoganstand go minic, is rud annamh go leor é mó thuairim a dtabhairt! Bionn a lán seafoid ag baint le cursaí plé anseo dar liom agus is ro-mhinic a mí-thuigtear daoine an rud atá le rá ag roinnt daoine eile. B'fheidir go mbeadh an fadhb sin níos measa agus an Gaeilge á usuaid againn ach bainfidh mé trial as! Ná bach leis an litríocht i mó poist (?post???) - tá fhios agam go bhfuil a lán botún ann ach le cleachtadh, tiocfaidh feabhas ar le cúnamh Dé!

Green_N_Gold1 (Kerry) - Posts: 103 - 24/02/2009 16:50:06    217094

Link

Tá snáth mar seo ag teastáil go géar le fada. Beidh mé anois i ndán mo chuid tuairimí maidir le iontacht peile Ciarraí a phlé gan mórán cur isteach orm ó cuid de mhuintir na Láimhe Deirige - mar shampla creidim go mbeid Colm Cúpéir á cheilluradh mar laoch imeartha peile i bhfad níos faide ná Seán Ó Ciobháin agus gan dabht gurb é Chiarraí foireann na linne seo agus go gcruthaigh siad é sin i mbliana.

Beir bua.

dingle1 (Clare) - Posts: 805 - 24/02/2009 19:36:31    217265

Link

Ar an talamh: Caithfidh mise a admháil gur fuath liom an fógra sin freisin, tugann sé íde béil don teanga i mo bharúil féin! Cuireann sé i gcuimhne dom scéal a chuala mé faoi bheirt Éireannach i Nua Eabhraic, agus bhí siad ag iarraidh cailín a mhealladh i dteach tábhairne. Dúirt na cailíní leo gur mhaith leo cúpla focal Gaeilge a chluintin, i ndiaidh iad a rá go raibh Gaeilge acu. Thosaigh siad "comhrá" ag baint úsáid as línte ón "Hail Mary". Bhí fear ina shuí ag an bheár agus dúirt sé leis na cailíní cad é a bhí ar bun ag na fir. Níl a fhios agam , seans gur éirigh leo na cailíní a mhealladh cibé, Meiriceánaigh a bhí iontu!

fear aontroma (Antrim) - Posts: 94 - 24/02/2009 19:50:57    217274

Link

Tá snáth mar seo ag teastáil go géar le fada. Beidh mé anois i ndán mo chuid tuairimí maidir le iontacht peile Ciarraí a phlé gan mórán cur isteach orm ó cuid de mhuintir na Láimhe Deirige - mar shampla creidim go mbeid Colm Cúpéir á cheilluradh mar laoch imeartha peile i bhfad níos faide ná Seán Ó Ciobháin agus gan dabht gurb é Chiarraí foireann na linne seo agus go gcruthaigh siad é sin i mbliana.

Beir bua.


Bí cúramach Dingle! Cad mar dheall ar na fíonchar géar??!! (what about the sour grapes?!!)
Ciarraí Abú!

Green_N_Gold1 (Kerry) - Posts: 103 - 24/02/2009 23:11:01    217429

Link

Go hiontach - sin an cead post frith-Thír Eoghain ar an snáth seo, níl ach freagair ó mhuintir na Láimhe Deirige de dhíth orainne anois. Beidh níos mó suim sa snáth seo ina dhiaidh sin. Is fuath liom an 'ciúnas, bóthar, cailín, bainne' advert freisin, cé scriobh é, Coiméide RTE?

pearsesabu (Antrim) - Posts: 663 - 25/02/2009 09:22:52    217538

Link

Is brea liom an snath seo. An dtig linn an snath a choinneailt ag dul?? Ta se deas bheith saor o daoine cosuil le Delboy, Tomao, olivers srl!!

Ta bron orm faoi na seimithe agus easpa ghrammadai. Caithfidh me snas a chur ar mo chuid Ghaeilge aris!

Rio Bingo (Tyrone) - Posts: 788 - 25/02/2009 10:05:53    217585

Link

Is maith liom Grainne Seoige. Ni maith liom Colm O'Rourke. Is brea liom contae tir eoghan, tá sé uimhir a haon! Go raith maith agat.

RuaHughONeill (Tyrone) - Posts: 110 - 25/02/2009 12:37:43    217755

Link

dia duit

is mise thomasclarke1 agus is brea liom tir eoghain agus pairc an Chrocaigh.

Tiocfaidh ar la!

ThomasClarke1 (Tyrone) - Posts: 392 - 25/02/2009 14:28:26    217897

Link

'Sé mo thuairim go bhfuil an Gaeilge ar an snáth seo i bhfad níos fearr ná an Bearla ar snáthanna eile. Freisin, tá an snáth seo níos tabhactach do Cumann Lúthcleas Gael ná snáthanna eile are Hogan Stand mar an 'Non-GAA thread' - ach is cuid suntais é go bhfuil 96 leathanacha ar an snáth sacar sin go fóill. Cad a ceapann sibh?
Maith a fear, Spudenator, ádh mór ort.

Borderboy (Monaghan) - Posts: 277 - 25/02/2009 14:29:21    217898

Link

Amadán éigin i Carlsberg a tháinig suas leis an fógra amadach sin!! An rud a cheapaim go bfhuil an-ghrannmhar ná le céatadán den airged atá ag RTE fós bíonn cláranna níós fearr ag TG4... Ros na Rún, Seacht, Laochra Gael, 125 bhliain de CLG...i bhfad níos fearr ná an praiseach ar RTE. Lads. tá Gaeilge ag cúpla fir Tír Eoghan!!

Ar.an.talamh (Kildare) - Posts: 320 - 25/02/2009 15:18:53    217987

Link

an bhfuil gaeilge ag imreoir ar bith ar do foireann condaithe fein? Is cinnte go bhfuil gaelgeoiri ar na foirne as Ciarrai Corcaigh agus Gallimh ach nil me cinnte faoi mo contae An Dun. Silim go bhfuil gaeilge ag na gasrai ard mhaca, Aron agus stiofan mac theirnan , mar bhi a uncail do mo mhuineadh nuair a rinne me gaeilge ar scoil

Suas Sios (None) - Posts: 1558 - 25/02/2009 15:32:14    218012

Link

Go gcreime na miolta crubacha do bhall fearga, agus is minic á gheibhean beal oscailt díog dunta.

Gaillimh abú.

Wests_Awake (Galway) - Posts: 877 - 25/02/2009 16:26:04    218078

Link

"Go n-ithe an cat thu` is go n-ithe an diabhal an cat"

williewentwell (Tyrone) - Posts: 1712 - 25/02/2009 16:46:58    218099

Link

D'amharc mé ar an scannán "Kings" ar TG4 i rith an gheimhridh ansin, bhí sé thar barr. Sílim gurb iontach na cláracha atá ar TG4, agus ní fada go mbeidh stáisiúin eile Gaeilge riachtanach i mo bharúilse féin!

Maidir le imreoirí a bhfuil Gaeilge acu, tá Gaeilge ag Charlie Vernon as Ard Mhacha, agus caithfidh go bhfuil Gaeilge ag Kevin Cassidy srl as Tír Chonaill. Maidir le mo chontae féin, nílim ró-chinnte, tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge ag Colm Duffin ach níl a fhios agam má tá sé go fóill ar an phainéil. Tá Gaeilge le cluinstin i gcuid de na cluichí a imríonn na clubanna in Aontroim, i mBéal Feirste go háirithe.

fear aontroma (Antrim) - Posts: 94 - 25/02/2009 17:04:20    218143

Link

Is brea liom lomnocht bean ach is fuath liom gruagach lamh.

Htaem (Meath) - Posts: 8657 - 25/02/2009 17:12:32    218162

Link

Arantalamh - sílim nach bhfuil morán Gaeilge ag na fir sin ó Thír Eoghan. Ní dúirt siad aon fhocal faoi Cavanagh nó Cooper i ndiaidh post dingle1. Ni tharlaíonn sin go minic le fir Thír Eoghan ar HS.

pearsesabu (Antrim) - Posts: 663 - 25/02/2009 17:18:26    218175

Link

Fair play gach duine as iarracht a dhéanamh leis an snáth seo. Maidir le peileadoirí le gaeilge, silim go bhfuil gaeilge ag Shane Lennon (Captaen Lughbhaidh, chuaigh sé go mean scoil lán gaelach), n'fheadar faoi duine ar bith eile ar fhoireann Lú, áfach. Ní shilim go bhfuil gaeilge ag duine ar bith d'fhoireann na Mí, ach cén dochar, is ar eigean go bhfuil béarla ag na hainmhí sin!

setanta0 (Louth) - Posts: 112 - 25/02/2009 17:23:15    218183

Link

Tá an Snáth Gaeilge ar fheabhas mar tá muid in ann aon rud a rá agus cuirfidh na administrators é suas

maigh_eo (Mayo) - Posts: 1346 - 25/02/2009 18:31:28    218280

Link

Déarfainn go bhfuil Gaeilge ag cuid acu!

fear aontroma (Antrim) - Posts: 94 - 26/02/2009 15:02:32    219092

Link