National Forum

HS As Gaeilge (2)

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


Replying To Tacaí Liatroma:  "Sléacht arís in aghaidh Liatroma. Is iad Gaillimh an tráth seo a rinne an t-ár. Tá sé deacair a rá cad is féidir a dhéanamh ar son na bhfoirne contae a bhíonn ag streachailt bliain i ndiaidh bliana. Smaointe, a chairde?"
Sinsearach
Idirmheánach
Sóisir

Nuair a bhí mé óg d'imir mé le club beag i dTír Chonaill. Níor imir muid i gcomortás sinsearach riamh ach bhuaigh muid cúpla craobh sóisir. Bhí na ceiliúrtha ina dhiaidh sin ar dóigh agus bhí muid iontach sásta agus brodúil ar fad. Agus ansin, an bhliain ina dhiaidh sin d'imir muid san idirmheánach etc

Ar fud na tíre, tá comórtais club mar seo. Cén fáth nach úsáidtear an corás sin i gcomórtais na contae? OK, tá na sraitheanna againn agus tá siad go hiontach. Ach sa Chraobh, go coitianta, nuair a imríonn foireann Roinn 1 i gcoinne foireann Roinn 4 feicimid mismatches uafásach. Tá fhios agam go raibh cluiche deacair ag Dún na nGall ( Roinn1) i gcoinne an Cábhan ag an deireadh seachtaine seo caite ach níl foireann fíor Roinn 4 é an Cabhan i mo thuairim.

Tá fhios agam fósta go dteastíonn achan peiledoir sa tíre a bheith ag imirt sa Sam Maguire. Cosúil leis an FA Cup i Sasana b'fhéidir. Ach feicfimid níos mó sléachtanna ar an drochuair.

Lockjaw (Donegal) - Posts: 9104 - 10/05/2022 12:58:50    2416226

Link

Replying To Lockjaw:  "Sinsearach
Idirmheánach
Sóisir

Nuair a bhí mé óg d'imir mé le club beag i dTír Chonaill. Níor imir muid i gcomortás sinsearach riamh ach bhuaigh muid cúpla craobh sóisir. Bhí na ceiliúrtha ina dhiaidh sin ar dóigh agus bhí muid iontach sásta agus brodúil ar fad. Agus ansin, an bhliain ina dhiaidh sin d'imir muid san idirmheánach etc

Ar fud na tíre, tá comórtais club mar seo. Cén fáth nach úsáidtear an corás sin i gcomórtais na contae? OK, tá na sraitheanna againn agus tá siad go hiontach. Ach sa Chraobh, go coitianta, nuair a imríonn foireann Roinn 1 i gcoinne foireann Roinn 4 feicimid mismatches uafásach. Tá fhios agam go raibh cluiche deacair ag Dún na nGall ( Roinn1) i gcoinne an Cábhan ag an deireadh seachtaine seo caite ach níl foireann fíor Roinn 4 é an Cabhan i mo thuairim.

Tá fhios agam fósta go dteastíonn achan peiledoir sa tíre a bheith ag imirt sa Sam Maguire. Cosúil leis an FA Cup i Sasana b'fhéidir. Ach feicfimid níos mó sléachtanna ar an drochuair."
Baintear feidhm as an córas céanna i bpeil na mban agus oibríonn sé go han-mhaith. Bhuaigh an Mhí an cluiche ceannais sinsearach uile-Éireann anuraidh, an bhliain i ndiadh go bhfuair siad ardú céime ón gcomórtas idirmheánach, mar shampla.

Ach creidim go mbeadh tromlach na ndaoine as na contaetha beaga ina choinne, agus is daonlathas é an Cumann Luthchleas Gael.

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 10/05/2022 14:16:28    2416261

Link

Replying To Gleebo:  "Baintear feidhm as an córas céanna i bpeil na mban agus oibríonn sé go han-mhaith. Bhuaigh an Mhí an cluiche ceannais sinsearach uile-Éireann anuraidh, an bhliain i ndiadh go bhfuair siad ardú céime ón gcomórtas idirmheánach, mar shampla.

Ach creidim go mbeadh tromlach na ndaoine as na contaetha beaga ina choinne, agus is daonlathas é an Cumann Luthchleas Gael."
Plus ca change then so. :P

Anois is arís buann contae beag i gcoinne foireann níos láidir, mar shampla an Clár i 1992 nó an Liatroim i 1994. Ach tá na buanna seo ag éirí níos neamhchoitianta. Tá freagracht ollmhór ar an GAA an bhliain seo chun jab maith a dhéanamh ar an Tailteann Cup i mo thuairim.

Lockjaw (Donegal) - Posts: 9104 - 10/05/2022 14:52:10    2416275

Link

Replying To Lockjaw:  "Plus ca change then so. :P

Anois is arís buann contae beag i gcoinne foireann níos láidir, mar shampla an Clár i 1992 nó an Liatroim i 1994. Ach tá na buanna seo ag éirí níos neamhchoitianta. Tá freagracht ollmhór ar an GAA an bhliain seo chun jab maith a dhéanamh ar an Tailteann Cup i mo thuairim."
"No one pretends that democracy is perfect or all-wise. Indeed it has been said that democracy is the worst form of Government except for all those other forms that have been tried from time to time.…" arsa Winston Churchill. B'fhéidir go raibh an-ceart aige!

Mothaím féin gur neartaíodh na contaetha ba mhó le cur i bhfeidhm an chórais cháilitheachta sa bhliain 2001. D'éirigh na contaetha láidir níos láidre agus níorbh fhada nach raibh sé ag teastáil chun bua a fháil ar na foirne móra i gluiche amháin, ach sa dara cluiche arís.

Dhá bhliain ó shin, chonaiceamar neart "shocks" idir an bua ag Corcaigh in aghaidh Ciarraí, bua ag Tiobraid Árann i gluiche ceannais na Mumhan agus An Cabhán sa chluiche ceannais Uladh. B'aoibhinn liom filleadh ar ais go "Knockout Championship" a chonaic breis is torthaí ionadh, ach tuilltear barraíocht airgid don CLG leis an gcóras nua-aimseartha.

Pé scéal é, ceapaim go mbíonn an chaighdeán díospóireachta i bhfad níos fearr sa snaidhm Gaelacha ná na leagain i mBéarla. Feictear i bhfad i bhfad an-iomarca WUMs ansin.

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 10/05/2022 15:15:19    2416287

Link

Replying To Gleebo:  ""No one pretends that democracy is perfect or all-wise. Indeed it has been said that democracy is the worst form of Government except for all those other forms that have been tried from time to time.…" arsa Winston Churchill. B'fhéidir go raibh an-ceart aige!

Mothaím féin gur neartaíodh na contaetha ba mhó le cur i bhfeidhm an chórais cháilitheachta sa bhliain 2001. D'éirigh na contaetha láidir níos láidre agus níorbh fhada nach raibh sé ag teastáil chun bua a fháil ar na foirne móra i gluiche amháin, ach sa dara cluiche arís.

Dhá bhliain ó shin, chonaiceamar neart "shocks" idir an bua ag Corcaigh in aghaidh Ciarraí, bua ag Tiobraid Árann i gluiche ceannais na Mumhan agus An Cabhán sa chluiche ceannais Uladh. B'aoibhinn liom filleadh ar ais go "Knockout Championship" a chonaic breis is torthaí ionadh, ach tuilltear barraíocht airgid don CLG leis an gcóras nua-aimseartha.

Pé scéal é, ceapaim go mbíonn an chaighdeán díospóireachta i bhfad níos fearr sa snaidhm Gaelacha ná na leagain i mBéarla. Feictear i bhfad i bhfad an-iomarca WUMs ansin."
Tá an ceart agat. I ndeireadh an lae, labhraíonn airgead!

Lockjaw (Donegal) - Posts: 9104 - 10/05/2022 15:53:00    2416318

Link

Replying To Lockjaw:  "Tá an ceart agat. I ndeireadh an lae, labhraíonn airgead!"
Go hard agus go minic, faraor!

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 10/05/2022 18:58:11    2416370

Link

Díospóireacht den scoth, a chairde. Níl a fhios agam cad is féidir a dhéanamh chun an scéal a réitigh. Mar thosach, b'fhéidir gur cheart na contaetha is laige a chur sa bhabhta is luaithe sna craobhacha éagsúla cúige, mar shampla. Ach is fíor go bhfuil seeding* i bhfeidhm i gCúige Laighean agus í gCúige Mumhan, áiteanna a mbíonn a lán greadta bliain I ndiaidh bliana. Níl a fhios agam. Craobhacha éagsúla cosúil leis an iomáint agus le peil na mban?

*Nó réimniú in ord feabhais, dar le tearma.ie

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1028 - 13/05/2022 17:52:50    2416919

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Díospóireacht den scoth, a chairde. Níl a fhios agam cad is féidir a dhéanamh chun an scéal a réitigh. Mar thosach, b'fhéidir gur cheart na contaetha is laige a chur sa bhabhta is luaithe sna craobhacha éagsúla cúige, mar shampla. Ach is fíor go bhfuil seeding* i bhfeidhm i gCúige Laighean agus í gCúige Mumhan, áiteanna a mbíonn a lán greadta bliain I ndiaidh bliana. Níl a fhios agam. Craobhacha éagsúla cosúil leis an iomáint agus le peil na mban?

*Nó réimniú in ord feabhais, dar le tearma.ie"
Céard faoi "round robin" cómortas sa chraobh Chonnachta, mar atá á gcur i bhfeidhm sa chomórthas fé seacht dhéag? Cuirtear neart cluichí ar fáil do chách leis an sraith sin, agus cáilfear na foirne is fearr don cluiche ceannais.

Is dóigh liom go bhfeicfear gearáin óna gclubanna maidir leis an méadú cluichí agus an easpa ama dos na clubs mar gheall air.

Cé go mbaintear feidhm as an sórt chómortais seo cheana, sa chraobh iománaíochta na Mumhan…

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 14/05/2022 11:00:31    2416964

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Díospóireacht den scoth, a chairde. Níl a fhios agam cad is féidir a dhéanamh chun an scéal a réitigh. Mar thosach, b'fhéidir gur cheart na contaetha is laige a chur sa bhabhta is luaithe sna craobhacha éagsúla cúige, mar shampla. Ach is fíor go bhfuil seeding* i bhfeidhm i gCúige Laighean agus í gCúige Mumhan, áiteanna a mbíonn a lán greadta bliain I ndiaidh bliana. Níl a fhios agam. Craobhacha éagsúla cosúil leis an iomáint agus le peil na mban?

*Nó réimniú in ord feabhais, dar le tearma.ie"
Bua thar cionn dos na mionúirí Liatroma in aghaidh na Gaillimhí, cúig cúilíní le spáráil. B'fhéidir gur comhartha forbartha é don todhchaí?

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 23/05/2022 13:02:24    2419677

Link

Tar éis na caillúintí uafásacha i gluichí ceannais na Mumhan agus Laighin ag deireadh na seachtaine, agus easpa siamsaíochta sa cluiche ceannais Uladh: an bhfuil na comórtais na gcúige marbh go deo? Ceárd a mheasann sibh?

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 30/05/2022 16:21:01    2421178

Link

Replying To Gleebo:  "
Replying To Tacaí Liatroma:  "Díospóireacht den scoth, a chairde. Níl a fhios agam cad is féidir a dhéanamh chun an scéal a réitigh. Mar thosach, b'fhéidir gur cheart na contaetha is laige a chur sa bhabhta is luaithe sna craobhacha éagsúla cúige, mar shampla. Ach is fíor go bhfuil seeding* i bhfeidhm i gCúige Laighean agus í gCúige Mumhan, áiteanna a mbíonn a lán greadta bliain I ndiaidh bliana. Níl a fhios agam. Craobhacha éagsúla cosúil leis an iomáint agus le peil na mban?

*Nó réimniú in ord feabhais, dar le tearma.ie"
Bua thar cionn dos na mionúirí Liatroma in aghaidh na Gaillimhí, cúig cúilíní le spáráil. B'fhéidir gur comhartha forbartha é don todhchaí?"
Bua maith ar ndóigh! Tá dóchas agam do thodhchaí pheil Liatroma. Éacht den scoth. An chéad bua ag an bhfoireann mionúir ó... 1998?

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1028 - 01/06/2022 07:12:31    2421492

Link

Replying To Gleebo:  "Tar éis na caillúintí uafásacha i gluichí ceannais na Mumhan agus Laighin ag deireadh na seachtaine, agus easpa siamsaíochta sa cluiche ceannais Uladh: an bhfuil na comórtais na gcúige marbh go deo? Ceárd a mheasann sibh?"
Deacair a rá, ach in aon chor tá deireadh chomórtais na cúige níos gaire, go háirithe (agus b'fhéidir toisc go bhfuil) Corn Tailteann faoi lán seoil, comórtas a ligeann foirne aghaidh a thabhairt ar a chéile gan dúnmharú á dhéanamh ar an scórchlár. Ní fada go bhfuil córas craobhacha i bhfeidhm cosúil leo siúd atá i bpeil na mban agus san iomaíocht.

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1028 - 01/06/2022 07:13:02    2421493

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Deacair a rá, ach in aon chor tá deireadh chomórtais na cúige níos gaire, go háirithe (agus b'fhéidir toisc go bhfuil) Corn Tailteann faoi lán seoil, comórtas a ligeann foirne aghaidh a thabhairt ar a chéile gan dúnmharú á dhéanamh ar an scórchlár. Ní fada go bhfuil córas craobhacha i bhfeidhm cosúil leo siúd atá i bpeil na mban agus san iomaíocht."
Creidim go mbeadh na contaetha laige na céad toscairí ag an gcomhdáil bliantiúil a bheith ag votáil ina choinne, faraor.

Tá súil agam go baineann Sligeach agus Liatroim feidhm as na torthaí maithe sna comórtais na n-óg chun a gcaighdeán a fheabhsú ag an léibhéal sinisir. Ni dóigh liom go mbaineann sult ag éinne as na contaetha níos treise slad a fheiceáil sa cluiche ceannais. Ní bhaineann éinne mórán tairbhe as mar gheall air.

Feictear domsa nach mbíonn mórán iomaíochta i cgeist sna craobhacha cúige ach i gcúige Connachta agus i gcúige Uladh sa lá atá inniú ann. Chonacthas ruaigí uafásacha sna cluichí ceannais na Mumhan agus Laighin, agus nach í an chéad uair!

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 01/06/2022 10:42:52    2421518

Link

Ba mhaith liom comhgardeas a dhéanamh go dtí foireann Cill Cainnaigh agus foireann Aontroim.

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 05/06/2022 07:18:28    2422279

Link

Replying To galwayford:  "Ba mhaith liom comhgardeas a dhéanamh go dtí foireann Cill Cainnaigh agus foireann Aontroim."
Cluiche den chéad scoth sa Chorn Joe McDonagh: naoi gcúl agus 45 cúilíní!

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 06/06/2022 08:57:54    2422650

Link

Replying To Gleebo:  "Creidim go mbeadh na contaetha laige na céad toscairí ag an gcomhdáil bliantiúil a bheith ag votáil ina choinne, faraor.

Tá súil agam go baineann Sligeach agus Liatroim feidhm as na torthaí maithe sna comórtais na n-óg chun a gcaighdeán a fheabhsú ag an léibhéal sinisir. Ni dóigh liom go mbaineann sult ag éinne as na contaetha níos treise slad a fheiceáil sa cluiche ceannais. Ní bhaineann éinne mórán tairbhe as mar gheall air.

Feictear domsa nach mbíonn mórán iomaíochta i cgeist sna craobhacha cúige ach i gcúige Connachta agus i gcúige Uladh sa lá atá inniú ann. Chonacthas ruaigí uafásacha sna cluichí ceannais na Mumhan agus Laighin, agus nach í an chéad uair!"
Aontaím leat i ngach chás ach an chéad ceann. Nílim cinnte go votáilfadh na contaetha laga i gcoinne craobhacha grádaithe; ach fanaimis ar conas a n-éireoidh leis an gCorn Tailteann ar dtús.

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1028 - 22/06/2022 16:54:19    2426909

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Aontaím leat i ngach chás ach an chéad ceann. Nílim cinnte go votáilfadh na contaetha laga i gcoinne craobhacha grádaithe; ach fanaimis ar conas a n-éireoidh leis an gCorn Tailteann ar dtús."
De réir dealreamh, ba mhór an gaisce é an Corn Tailteann go dtí seo- cluichí crua, tinrimh maithe agus seans chun áit sa chluiche ceannais sinsir a fháil.

Feicifimid conas a bheidh na toscairí ag votáil sa chomhdáil bliaintiúil san fhómhair.

Tá súil agam go bhfeicfimid cluiche breá idir An Chabhán agus An Iarmhí sa cluiche ceannais Corn Tailteann.

Táim ríméadach ar-fad go bhfillfidh deireadh na seachtaine chluiche ceathrúceannais sa pheil, agus go bhfuair an "Super 8's" bás.

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 24/06/2022 12:34:26    2427245

Link

Bhuel, ní féidir mo dhéistin a shamhlú nuair a fuair mé amach go bhfuil 10 mí imithe ó postáladh ar an snáth seo. Pé scéal, cad a cheapann sibh faoi cúrsaí reatha an CLG inniu? Bua cáiliúil ag na Poncánaigh, ceithre ghrúpa ceithre fhoireann le himeacht i (sa?) gCorn Tailteann agus freisin sa rás le haghaidh Corn Mhic hUidhir... Barúlacha?

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1028 - 16/04/2023 21:16:39    2471281

Link

Comhghairdeas le foireann faoi 20 an Dúin as an bhua iontach a bhí acu aréir. Shíl mé nach bhfeicfinn Dúnach ag ardú Corn Sam Mhic Uidhir le mo bheo arís ach tá an spéir ag gealadh agus mé ag éirí dóchasach arís.
Ag tnúth go mór leis an Domhnach seo chugainn i gCluin Eois. An Dún Abú!

Fitefuite (Down) - Posts: 1 - 27/04/2023 13:27:02    2474239

Link