(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post
Bhuel, fuair an seansnáth Gaeilge bás. Tá sé ina luí anseo; cuimhnígí air i bhur bpaidreacha. Idir an dá linn, cad a cheapann sibh faoin mbliain go dtí seo? Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1168 - 06/11/2021 17:15:08 2388569 Link 2 |
DuhallowRed (Cork) - Posts: 310 - 06/11/2021 18:14:48 2388575 Link 2 |
Yep! Tá sé ar ais! Déan lúcháir! Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1168 - 07/11/2021 09:38:00 2388607 Link 1 |
Bíonn a lán cluicheanna mhaith ag TG4 gach seachtain. galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 15/11/2021 16:44:38 2389552 Link 2 |
Agus tá an caighdeán léirmheasa i fad níos fearr ná RTÉ fhéin.
BarneyGrant (Dublin) - Posts: 3506 - 15/11/2021 18:57:20 2389572 Link 1 |
Ar aghaidh linn ar son na hEireann!!! johnocarroll17 (Limerick) - Posts: 408 - 17/11/2021 11:06:39 2389735 Link 0 |
Tá i ndáirire. I bhfad níos fhearr
The_DOC (Galway) - Posts: 769 - 17/11/2021 11:46:42 2389745 Link 1 |
Cé hiad na cluichí atá á gcraoladh amárach? Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1168 - 20/11/2021 16:28:41 2390101 Link 0 |
Shilim go mbeidh cluiche ceannas BÁC beo, ach níl an t-eolas sin cláraithe. BarneyGrant (Dublin) - Posts: 3506 - 21/11/2021 11:42:51 2390148 Link 0 |
Bhuel, cad a cheapfadh sibh maidir le cluichí CLG ag deireadh na seachtaine? Coimhlintí móra romhainn, Maigh Eo v. Gaillimh, Dún na nGall v. Ard Mhaca agus An Chlár v. Tiobraid Árann agus Luimneach in aghaidh Port Láirge san iomáint. Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 22/04/2022 15:24:00 2412309 Link 0 |
Bhuel bhí an ceart agat faoi Luimneach! Ceann amháin as ceathair ag an bpointe seo Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1168 - 23/04/2022 20:59:32 2412606 Link 1 |
Imríonn Dún na nGall cluiche mór anois agus arís. Tá súil agam go bhfeicimid táispeantás iontach inniu agus gheobhaidh muid an bua. Lockjaw (Donegal) - Posts: 9754 - 24/04/2022 10:39:38 2412675 Link 0 |
Go n-éirí libh Lockjaw. Is iad Ard Mhacha rogha na n-údar ach bíonn sé rí-dheacair Dún na nGall a bhualadh i mBealach Féich i gcónaí. Táim ag súil leis an gcluiche. MesAmis (Dublin) - Posts: 13796 - 24/04/2022 10:57:49 2412678 Link 2 |
Cluiche dochreidte aréir san iomáint. Tá súil agam go bhfeicfimid a laghad sa pheil inniú! Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 24/04/2022 13:28:31 2412717 Link 0 |
Ba mhaith liom comhgardeachas a dhéanamh go dtí foireann na Gaillimhe. galwayford (Galway) - Posts: 2614 - 24/04/2022 18:56:42 2412833 Link 0 |
Caoga faoin gcéad le na réamhinsintí ag deireadh na seachtaine, mar roghnaigh mé Gaillimh agus Luimneach go ceart mar buaiteoirí. Chonaic mé i bhfad níos measa ar an bhfóram seo... B'fhéidir go bhfeicfear Maigh Eo i gcoinne Ard Mhaca sa céad babhta cáilithe? Ar aon nós, is deacair domsa a chrediúint go mbeidh samhradh fada i ndán don fhoireann Mhaigh Eo tar éis an taispeántas inné, agus lena gcuid gorthaithe lena chois sin. Comhghairdheas leis an bhfoireann contae na Gaillimhe, mar a dúradh níos luaithe sa snaidhm seo. Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 25/04/2022 10:14:21 2412960 Link 0 |
Feicfear an-chuid aicsean sa CLG an deireadh an deireadh na seachtaine romhainn, naoi gcinn cluichí idir an pheil agus an iománaíocht! Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 29/04/2022 14:43:30 2414070 Link 0 |
Deireadh na seachtaine mór atá romhainn, idir an Chraobh fé 20, Corcaigh in aghaidh Ciarraí, Gaillimh i gcoinne Liatroim agus in Uladh, Dun na nGall in éadan An Cabhán. Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 06/05/2022 12:19:35 2415225 Link 0 |
Sléacht arís in aghaidh Liatroma. Is iad Gaillimh an tráth seo a rinne an t-ár. Tá sé deacair a rá cad is féidir a dhéanamh ar son na bhfoirne contae a bhíonn ag streachailt bliain i ndiaidh bliana. Smaointe, a chairde? Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1168 - 09/05/2022 19:03:01 2416059 Link 0 |
Is mór an trua é maidir na torthaí ag baint leis an bhfoireann chontae na Liatroma sna blianta beaga anuas. Chun an fhírinne a rá, ní tógadh rian sásúilacht as an cluiche anuraidh idir Maigh Eó agus Liatroim, cailleadh mhór eile. An mbeadh ceart agam a bheith ag smaoineamh go mbeadh Liatroim fós ag fulaingt mar gheall ar imreoirí ag dul ar imirce? Chualthas nach imríonn na peileadóirí is fearr i gcontaetha áirithe ar son an fhoireann sinsir an chontae. B'fhéidir nach bhfeiceann siad móran spreagadh. Cad is an réiteach leis an bhfadhb seo? Tá sé doiligh a rá, i ndáiríre. Bheadh sé rí-dheacair cluiche a bhuacaint in aghaidh Ros Comáin, Gaillimh nó Maigh Eo, ionas go n-imríónn na foirne sin go rialta i Roinn a haon. Bheadh an bhearna ollmhór idir Roinn a haon agus roinn a ceathair. Déarfainn go cuirfeá ardú céime as Roinn a Ceathair an bhliain seo chugainn chun an caighdeán a fheabsú ar an bpanéil in aghaidh foirne níos fearr. Déanaigí dearmad ar na torthaí sa chluiche ceannais i gceann dhá nó tríúr bliain. Creidim freisin gur ghá don chabair airgeadais dos na contaetha níos laige ó Páirc an Chrócaigh, chun an infheistíocht fad-théarma a dhéanamh sa structúir na n-óg. Sin í an rud is tábahachtaí, i mo bharúilse. Bhí mí-ádh ar na fé-20 Liatroma in aghaidh Mhaigh Eo, mar shampla, cé gur tugadh slad ar na mionúirí in aghaidh lucht an freasúra céanna. Measaim freisin go cuirfí iontráil ar fáil dos na contaetha laige sa cluichí cáilaíochta arís, lena chois an Tailteann Cup. Ní féidir contaetha beaga feabhas a chur ar a gcuid caighdeán gan cluichí in aghaidh foirne níos fearr. Ba mhaith liom a rá go cuirfaí cosc ar ollbhúiséad na bhfoirne sinsireacha idir-chontae ina theannta, ach is oth liom a rá go bhfuil an capall imithe fadó ar an gceist seo! Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 10/05/2022 10:59:54 2416161 Link 0 |