Gaeil Fhanada club notes

February 27, 2018

Lotto Results

Numbers: 8, 10, 18, 20, 25. 

No jackpot winner.

€100 Winner: Margaret McGrenaghan, Gortnatraw.

Next week's jackpot: €4,350!!!

 

Membership Reminder

Members and intending members of Gaeil Fhánada are invited to renew their club membership. Annual membership runs from January 1st to December 31st 2018.

There are a number of options available:

Adult Membership €40

Adult Membership & Weekly Lotto €200:

€200 as a one off payment or 10 payments by Direct Debit of €24 per month (March to December). Includes 3 lines of lotto per week.

Adult Membership with admission to all adult club games run by Donegal County Board for €150.

Student Membership (over 18) €25

Juvenile membership (under 18) €15

Only adult members who are registered by March 1st will be entitled to tickets for all ticket intercounty games involving the Donegal team.

It is important that playing members, from underage through to seniors, pay their membership before they train or play any games.

Should you require further information please contact Fiona Shiels on 085-1555645, or send a message to our Facebook page.

 

An bua ag na Gaeil i nGleann Fhinne

Tháinig na Gaeil tríd an chéad chluiche den bhliain inné, tar éis an lámh in uachtar a fháil ar Ghleann Fhinne le trí phointe i gComórtas Peile na Gaeltachta. D'imir na Gaeil go maith i rith an chéad leath, ach ní raibh siad chomh slachtmhar ina n-imirt i ndiaidh an sos.

Bhí cuma breá óg ar an fhoireann a chuaigh chun páirce, Brian Mac Eiteagáin agus Fergus Ó Frighil ag imirt ón tús agus tháinig Maitiú Ó Gallachóir agus Brandon Mac Laifeartaigh chun páirce i rith an chluiche chomh maith. Ba mhaith an rud le Seosamh Ó Bléine agus Fergal Ó Frighil a fheiceáil ar an pháirc fosta i ndiaidh tréimhsí fada ar an taobhlíne.

B'iad Fánaid an chéad fhoireann ar chlár na scórála. D'aimsigh Eoghan Mac Giolla Chearra an sprioc le saor chic sa dara bomaite. Chuaigh dhá iarracht ó Eoghan ar seachran sular scóráil na Gaeil an dara pointe, ó bhróg Bhrian Mac Eiteagáin. Lean Oisín Mac Pháidín sin le scór eile go gasta. D'aimsigh sé an sprioc lena dhorn nuair a bhí leathdheis aige ar chúl. B'eigean do Chiarán Ó Colla an pháirc a fhágáil le drochghortú gualainne agus bhí briseadh san imirt mar gheall ar sin. Chuaigh Maitiú Ó Gallachóir isteach san imirt ina áit agus d'imir sé go maith i rith an chluiche. Scóráil na Gaeil an chéad ceithre phointe eile, triúr ó bhróg Eoghan agus ceann amháin ó Mharc Ó Frighil. Sa séú bomaite is fiche tháinig an scór cinniúnach sa chluiche. Rinne Micheál Mac Suibhne obair na gcapall agus d'éirigh leis an liathróid a chuir trasna os comhair na cuaillí. Rug Pádraig Ó Frighil ar an liathróid agus chríochnaigh sé isteach san eangach é. Bhí cuma ar an scéal go leanfadh na Gaeil ag scóráil ach d'fhreagair Gleann Fhinne le cúl agus pointe roimh leath ama. Gaeil Fhánada 1:07 Gleann Fhinne 1:01.

Cluiche difriúil a bhí ann sa dara leath, b'iad Gleann Fhinne an foireann is fearr ar feadh tréimhsí fada agus ní raibh na Gaeil ábalta na scóranna a ghlacadh. Sin ráite, b'é Fergal Ó Frighil a d'aimsigh an chéad scór, i ndiaidh cic gleoite ó thaobh amuigh dá bhróg. Scóráil Gleann Fhinne dhá phointe ansin leis an bhearna a laghdú. Scóráil Eoghan Mac Giolla Chearra a chúigiú phointe le sé phointe a fhágáil idir na foirne sa 17ú bomaite. Bhí deiseanna ar chúl ag Mac Giolla Chearra, Mac Suibhne agus Ó Frighil ach ní raibh siad ábalta iad a chríochnú. Tháinig Pól Mac Giolla Choille, Caoimhín Mac Giolla Bháin, Brandon Mac Laifeartaigh agus Cathal Ó Máirtín chun páirce i rith an dara leath. Lá deas a bhí ann do mhuintir 'Nanny' ón Dumhaigh Bhig nuair a bhí athair agus mac, Marc agus Brandon ar an pháirc le chéile don chéad uair. D'aimsigh Gleann Fhinne a dara cúl sa bhomaite deireanach ach ní raibh go leor ama acu ag an deireadh. Beidh na buachaillí ag imirt in éadan Naomh Conaill an deireadh seachtaine seo chugainn sa chéad bhabhta eile.

Ádh mór le Ciarán Ó Colla agus é ag bisiú óna ghortú agus le Conor Seán Mac Conaglaigh chomh maith, a ghortaigh a chos ag traenáil i rith na seachtaine.

Breandán Ó Frighil, Ciarán Ó Colla, Seosamh Ó Bléine, Brian Ó Máirtín, Conchúir Mac Conaglaigh, Pádraig Ó hEireachtaigh, Fergus Ó Frighil, Oisín Ó Siadhail, Micheál Mac Suibhne, Brian Mac Eiteagáin (0:1), Fergal Ó Frighil (0:1), Oisín Mac Pháidín (0:1), Marc Ó Frighil (0:1), Eoghan Mac Giolla Chearra (0:5), Pádraig Ó Frighil (1:0).

Maitiú Ó Gallachóir in áit Ó Colla, 

Pól Mac Giolla Choille in áit Fergal Ó Frighil, 

Caoimhín Mac Giolla Bháin in áit Ó hEireachtaigh, 

Brandon Mac Laifeartaigh in áit Pádraig Ó Frighil, 

Cathal Ó Máirtín in áit Fergus Ó Frighil.

 

5 winners of €100 in the National Club Draw

Maire McGuinness, Eelburn.

Saoirse Clinton, Gortnacor, Portsalon.

Bernie Murphy, Kerrykeel.

Daithi & Myles Friel, Drury, Kerrykeel.

Liam Callaghan, Kerrykeel.

Winners will be contacted shortly, well done all!

 

Scór

Well done to the quiz team who qualified for the county final of Scór which will take place on Friday evening!

 

Gaeil Fhánada Development Draw

A big well done to all our winners from the final instalment of our development draw. A massive thanks to the local community for their stellar commitment and contribution to the draw which was an overall success. We can now move to the next phase of our pitch development. 

Winners on the night were:

€5000: Padraig Friel, Gortnatra.

€1500: Pat and Bernie Murphy, Kerrykeel.

€500: Fergal Friel, Ladden. 

€500: Margaret McGonigle, Ballymagowan.

€500: Kathleen Friel, Ballina, Rosnakill.

Thanks again to everyone who made this a success and those who continue to contribute to the growth of our club.

 

Follow Us!

Don't forget to add/follow us on the following platforms:

Facebook - @gaeil.clg

Twitter - @gaeilfhanadaclg

Snapchat - gaeilfhanada


Most Read Stories